live1, a.1aBeo, (rud atá) ina bheatha. A real live robber, bithiúnach ina steillebheatha, beo beathach. bLive coals, sméaróidí fpl (dearga), gríosach f (dhearg). 2aLive cartridge, cartús beo. bEl.E: Live wire, sreang bheo. He's a (real) live wire, duine fíriúil ó bhonn é; is é an tapaíoch i gceart é. 3Tch: Live weight, beomheáchan m.
live2,1v.i.aMairim; táim beo, táim i mo bheatha. Is he still living?an bhfuil sé ina bheatha, an maireann sé, an bhfuil sé beo, i gcónaí?There once lived a king, bhí rí ann fadó. While my father lives, fad a mhairfidh m'athair; fad is beo do m'athair. A better man never lived, fear ab fhearr ná é níor sheas riamh i mbróg. Long live the king!go maire an rí!He hasn't a year to live, ní sháróidh sé an bhliain. He will live to be a hundred, mairfidh sé an céad. As long as I live, le mo mharthain, mo bheo. He did not live long, ní raibh sé saolach. Live and learn, múineann an saol duine. Live and let live, ceart dom, ceart duit. bHis name will live, beidh cuimhne air. cTo live on vegetables, gan a ithe ach glasraí; bheith beo ar ghlasraí. We live on hope, níl againn ach ár ndóchas. He earns enough to live upon, saothraíonn sé díol a fhreastail, riar a cháis. He lives by his pen, ar scríbhneoireacht a thagann sé i dtír. dTo live honestly, maireachtáil go macánta. To live in style, maireachtáil go hardnósach. He lives well, tá saol na bhfuíoll aige. He lives up to his reputation, ní mó a cháil ná a bhuille; is fear mar a thuairisc é. eWhere do you live?cá gcónaíonn tú? cá bhfuil cónaí ort?He lives (out) in the country, tá sé ina chónaí faoin tuaith. This house is not fit to live in, níl an teach seo oiriúnach chun cónaithe ann. This district has been lived in since the earliest times, tá cónaí sa dúiche seo ó thosach aimsire. fHe is living with his grandparents, tá sé in aon teach leis an seanmhuintir. They are living together, táid in aontíos. 2v.tr.aWe live a happy life, tá saol sona againn; mairimid go sásta. My life is not worth living, ní beo liom mo bheo. bTh: She lived the part, chuir sí a hanam sa pháirt.