EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
anger 1 , s . Fearg f , olc m , corraí f . Fit of anger , tallann f , racht m , feirge . He did it in anger , as fearg a rinne sé é . He was in great anger , bhí sé ina cholg nimhe, i mbarr a chéille, le cois .
anger 2 , v .tr . Cuirim fearg, corraí, olc, ar (dhuine) .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Ablaze with anger , ar lasadh le fearg .
Anger had bereft him of speech , níor fágadh focal ann le teann feirge .
Blaze of anger , racht m feirge .
F : He blazed with anger , chuaigh sé as a chranna cumhachta le fearg .
To bottle up one's anger , greim a choinneáil ar d'fhearg .
His anger knew no bounds , ní raibh ríomh lena chuid feirge .
His anger broke loose , tháinig rabharta feirge air .
When his anger calmed down , nuair a shíothlaigh a fhearg .
He was carried away by anger , fuair an fhearg bua, an ceann is fearr, air .
His face was convulsed with anger , bhí strainc feirge air .
To deprecate s.o.'s anger , impí ar dhuine gan a bheith feargach .
To be disposed to anger , bheith tugtha d'fhearg .
Flash of anger , spadhar m feirge .
Frenzy of anger , cuthach m feirge , straidhn f .
Gust of anger , racht m feirge .
Hence his anger , sin fáth a chuid feirge .
To leap up with anger , bíogadh le fearg .
He became livid with anger , dhubhaigh agus ghormaigh air le teann feirge .
To move s.o. to anger , fearg a chur ar dhuine .
Outbreak of anger , taom m feirge .
His anger soon passed away , ba ghearr gur shíothlaigh a chuid feirge .
To provoke s.o. to anger , duine a chur le fearg .
He got purple in the face (with anger) , dhubhaigh agus ghormaigh air (le teann feirge) .
Quick to anger , sochorraithe chun feirge .
To give rein to one's anger , do racht a ligean amach .
Righteous anger , fearg fhíréin .
To save s.o. from s.o.'s anger , duine a chosaint ar fhearg duine eile .
ag buirbeáil le holc, He was seething with anger , bhí fiuchadh feirge air .
A sense of anger , mothú m feirge .
He is slow to anger , is doiligh fearg a chur air .
To stir s.o.'s anger , duine a chorraí chun feirge .
Suppressed anger , fearg shrianta .
A surge of anger , tonn feirge .
Swift to anger , sochorraithe, taghdach .
Through anger , as, le, buile ; le teann feirge .
I have not done anything to anger him , ní dhearna mé a dhath a chuirfeadh fearg air .
Unchecked anger , fearg ainrianta .
To give vent to one's grief, one's anger , do racht (bróin, feirge) a ligean amach .
He vented his anger on me , lig sé amach an fhearg orm .
F : Wave of anger , tonn f , buinne m , racht m , feirge .
To tremble with anger , bheith ar crith le fearg .
To work off a fit of anger , tallann m feirge a chur díot .