Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aint · cain · cainc · cainít · cairt
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is difficult of access, is deacair a ghabháil chun cainte leis.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
He is very accessible, tá sé an-fhurasta dul chun cainte leis.
Statement in accordance with truth, caint ag cur leis an bhfírinne.
By his own account, (i) de réir a chuid cainte féin; de réir mar a deir sé féin; (ii) más fíor dó féin; más cóir aird a thabhairt air.
He adapted his language to the occasion, chuir sé a chuid cainte leis an ócáid.
To address oneself to s.o., dul chun cainte le duine.
Much ado about nothing, mórán cainte ar bheagán cúise.
He affects big words, cumann sé caint ghalánta dó féin.
To put an affront on s.o., to offer an affront to s.o., masla cainte a thabhairt do dhuine; lasadh a bhaint as duine.
Aggravating language, caint a chuirfeadh fearg ar dhuine, a chuirfeadh duine thar bharr a chéille.
It is all in the air as yet, níl ann ach caint go fóill.
His speech will be put on the air, craolfar a chuid cainte.
His speech amounts to this, seo é bun agus barr a chuid cainte.
He is a man easy of approach, is furasta dul chun cainte leis, dul ina láthair.
To approach s.o. on the subject of . . ., dul chun cainte le duine faoi . . .
Words appropriate to the subject, caint atá (a bhí, etc.) ag cur leis an ábhar.
For the sake of argument, (i) do gheall ar chaint; (ii) cuir i gcás.
He asked for the manager, d'iarr sé cead cainte leis an mbainisteoir.
I paid no attention to the remarks, scaoileas an chaint thar mo chluasa.
Talk away! lean ort ag caint!
s.Babel of talk, glagaireacht chainte.
Barrack-room language, caint gharbh.
It is you I am speaking to, (is) leatsa atá mé ag caint.
To bear out a statement, caint a dheimhniú, a dhearbhú.
I did not understand the bearing of his words, níor thuig mé an rud a bhí ar chúl na cainte sin aige.
Because of the excellence of his speech, ar fheabhas a chuid cainte.
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
To blaze out at s.o., scalladh cainte a thabhairt do dhuine.
You may talk till you are blue in the face, till all's blue, bheifeá ag caint go dtitfeadh an t-anam asat.
The body of a speech, suim f na cainte.
F: He talks like a book, cuireann sé culaith ghaisce ar a chuid cainte.
To speak by the book, urra a chur le do chuid cainte.
He bounced me into doing it, dheifrigh sé mé lena dhéanamh le tréan cainte.
To break off talking, stad de chaint.
You are wasting your breath, tá tú ag cur do chuid cainte amú.
Burden of the discourse, brí f, suim f, na cainte.
Words calculated to reassure us, caint ar dhóigh di misneach a thabhairt dúinn.
He can't talk yet, níl aon chaint fós aige.
He carried his hearers with him, chuaigh a chuid cainte i gcion ar an lucht éisteachta.
Caustic wit, caint f ghéar, niogóideach.
She never ceases talking, ní bhíonn stopadh ar bith uirthi ach ag caint.
He is chary of his words, tá sé gann i gcaint.
F: He chimed in, chuir sé a ladar isteach (sa chaint).
He chops his words, dealaíonn sé na focail ó chéile sa chaint, bíonn a chuid cainte go snoite aige.
Coarse words, caint gháirsiúil.
Confused speech, caint scaipthe; caint gan bhun gan bharr.
Connected speech, caint leanúnach.
To put a good, bad, construction on s.o.'s words, dea-, droch-chiall a bhaint as caint duine.
To enter, fall, into conversation with s.o., forrán cainte, cleite comhrá, ceiliúr, a chur ar dhuine.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News