EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
child , s . a Páiste m , leanbh m ; (boy) gearrbhodach m ; (girl) girseach f . Have they any children? bhfuil cúram, muirear, ar bith orthu? From a child . . ., ó aois linbh anuas . To be with child , a bheith le haghaidh clainne . b Lit : B : Sliocht m -eachta , duine m clainne , duine m sleachta . Our children's children , clann ár gclainne ; sliocht ár sleachta .
child , childe , s .Lit : Ógfhlaith m -a; buinne m .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Sitting amongst her children , ina suí i measc a clainne .
The child amuses itself with the toy , baineann an páiste sult as an mbréagán .
She had the child in her arms , bhí an leanbh ina bachlainn aici .
He was often ill as a child , ba mhinic tinn é agus é ina leanbh .
To give a child a bath , páiste a fholcadh .
She bore a child , rugadh duine clainne di .
Bearing of child , breith f clainne .
To put a child to bed , leanbh a chur a luí .
She gave premature birth to a child , scar sí le duine clainne .
F : God blessed them with children , chuir Dia clann chucu .
He was blubbering like a child , bhí sé ag plobarsach chaointe mar a bheadh leanbh ann .
To board out children , páistí a chur ar coinneáil , ar lóistín .
Both women and children , idir mhná is pháistí .
To give a child the breast , cíoch a thabhairt do leanbh .
Child at the breast , naíonán m cíche , leanbh diúil .
Brisk-looking children , páistí aibí , gasta .
A burnt child dreads the fire , 'chonaic mé cheana thú,' mar a dúirt an cat leis an mbainne bruite ; each a buaileadh sa cheann é .
adv .She is but a child , níl inti ach leanbh .
Care of children , cúram páistí .
Nurse in charge of a child , banaltra i gcionn, i bhfeighil, páiste .
Child in charge of a nurse , páiste faoi chúram banaltra .
F : She has neither chick nor child , tá sí gan ua gan iarmhar .
To christen a child after s.o ., páiste m , naíonán m , a bhaisteadh as duine .
A chubby child , plucachán m , patlachán m .
A clever child , páiste m aibí .
She has no control over the children , níl aon smacht aici ar na páistí .
To put a child in the corner , leanbh a chur ina sheasamh sa chúinne (mar phionós) .
To bring up a child in cotton-wool , páiste a thógáil ina pheata teolaí .
He is crazy about the child , tá sé ina choda beaga timpeall ar an bpáiste .
The child was crying for the toy , bhí an leanbh ag gol ag iarraidh an bhréagáin .
Defective child , leanbh éalangach .
To deliver a woman of a child , páiste a thabhairt ó bhean .
She was delivered of a child , chuir sí a cúram di .
A destructive child , scriosaire m linbh .
To doll up a child, a woman , leanbh, bean, a ghléasadh go péacach .
A duck of a child , páiste m gleoite .
Even the children knew that , bhí a fhios sin ag na páistí féin ; (go) fiú na bpáistí féin, bhí a fhios sin acu ; bhí a fhios sin ag na páistí fiú amháin .
A fat child , boilistín m .
To father the child on s.o ., an páiste a fhágáil ar dhuine .
Female child , leanbh mná .
Women and children first , (sábháiltear) mná agus páistí ar dtús ; tosach (tarrthála) do mhná agus do pháistí .
The first-born (child) , an chéadghin f , sinsear m na clainne .
These children form part of the tribe , is den treibh na leanaí seo .
The child is fretting for its mother , tá an páiste ag caoineadh le cumha i ndiaidh a mháthar .
From his childhood, from a child , ó bhí sé ina leanbh .
Take the knife from that child , bain an scian den leanbh sin .
Keep the child away from the fire , seachain an leanbh ar an tine .
She made a fuss of the child , bhí sí ina coda beaga timpeall an linbh .
He got the child out of the habit , bhain sé an cleachtadh as an bpáiste .