Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: fane · féine · fie · fife · file
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for fine »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fine1, s. 1 In fine, i ndeireadh báire, faoi dheireadh thiar. 2 Jur: a Airgead m scoit (a dhíolann tionónta le tiarna roimh sealbh a ghlacadh). b Fíneáil f. To impose a fine on s.o., fíneáil a ghearradh ar dhuine.
fine2, v.tr. Fíneálaim, gearraim fíneáil ar (dhuine), cánaim. To fine s.o., a shilling, duine a chánadh scilling.
fine3, a. 1 a Mín, glan. Gold twenty-two carats fine, ór ar ghlaine dhá charat is fiche. b Mín, fíneálta, caol. Fine distinction, idirdhealú mion. 2 a A fine statue, dealbh bhreá. A fine woman, bean bhreá. The fine arts, na míndána, na mínealaíona. b Fine sentiments, smaointe gan cháim, smaointe uaisle. To rely on s.o.'s finer feelings, dul i muinín uaisleachta duine. 3 a Wine of the finest quality, togha an fhíona, fíon den chéad scoth. b Sármhaith. Fine display, taispeántas iontach, thar barr. Fine piece of business, obair éachtach, gnó fiúntach. That boy will have a fine future, déanfaidh an garsún sin dul chun cinn ar fónamh fós. We had a fine time, bhí an-saol againn. That's fine! maith é sin! c Iron: That's all very fine, but . . ., tá sin go breá, ach . . . 4 Breá. When the weather is fine, nuair a bhíonn an aimsir go breá. F: One of these fine days, lá de na laethanta seo. 5 a (Of texture) Mín; (of dust) mion. To chop (meat) fine, feoil a ghearradh go mion. b (Of writing, thread) Caol, tanaí. Fine edge, faobhar mín. Fine nib, gob caol. F: Not to put too fine a point on it. . ., go neamhbhalbh. 6 F: He cut it fine, he ran it fine, is ar éigean a rinne sé an beart. Prices are cut very fine, tá na luachanna íslithe go mór. Sp: To train a horse too fine, traenáil róghéar a thabhairt do chapall.   finely, adv. 1 a Go mín, fíneálta. b Go mín, go cáiréiseach. c Finely powdered, ina phúdar mín, mion. Finely chopped, gearrtha go mion; mionghearrtha. 2 Go breá.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is amenable to a fine, féadtar a chánadh.
The (fine) arts, na míndána, na mínealaíona.
It is good, bad, fine, etc., tá sé go maith, go dona, go breá, etc.
The weather bids fair to be fine, tá gach cosúlacht air go mbeidh aimsir mhaith ann; tá aimsir mhaith air.
She blossomed into a fine girl, d'éirigh sí ina cailín breá, rinne sí cailín breá.
v.tr.The school boasts a fine library, is breá an leabharlann atá ag an scoil, cúis bróid don scoil an leabharlann bhreá atá inti.
Art: A fine canvas, pictiúr breá.
She has a fine complexion, tá craiceann, snó, breá uirthi.
It's a fine day, lá breá é.
One day, some day, one of these (fine) days, lá éigin go gairid.
He developed into a fine man, rinne sé fear breá.
Fine doings these! nach deas an obair i seo!
To have an ear, a fine ear, for music; to have a good ear, cluas mhaith don cheol a bheith agat.
Not to put too fine an edge upon it, gan fiacail a chur ann.
He is an exceptionally fine man, fear breá amach is amach é.
Fine feathers make fine birds, eochair uaisle éadach.
To be in fine, good, fettle, bheith go buacach, go breabhsánta.
To have a fine figure, bheith dea-dhéanta.
Needlew: Fine-drawn seam, uaim dhlúth.
Fine-drawn arguments, distinctions, argóintí, idirdhealaithe, miona, caolchúiseacha.
He is in a fine fuss, tá griothal an domhain air.
A fine old Irish gentleman, duine uasal Gaelach den seandéanamh.
To get a fine view of sth., radharc maith a fháil ar rud.
I got off with a small fine, scaoileadh saor ar bheagán fíneála mé.
A fine head of hair, cúl m breá gruaige.
If it is fine, and (if) I am free, I shall go there, má bhíonn sé go breá, agus mé (bheith) saor, agus go mbeidh mé saor, rachaidh mé ann.
The finest thing imaginable, an rud ba bhreátha a bhféadfá cuimhneamh air; an rud ba bhreátha a d'fhéadfá a shamhlú.
He grew into a fine man, rinneadh fear breá de.
She plays the fine lady, cuireann sí gothaí mná uaisle uirthi féin.
He was let off with a fine, ligeadh saor ar fhíneáil é.
To levy a fine on s.o., fíneáil a ghearradh ar dhuine.
Liability to a fine, dliteanas m fíneála.
You are liable to a fine, tá tú infhíneáilte.
A fine future lies before him, tá saol breá roimhe.
A fine likely girl, cailín breá cumasach.
This fine weather makes for cheerfulness, chuirfeadh an aimsir bhreá seo soilbhreas ar dhuine.
If fine we shall go out, if not, not, má bhíonn an aimsir go breá rachaimid amach, mura mbeidh, ní rachaidh.
Fine opening for a young man, seans breá d'ógfhear.
Jur: Imprisonment without the option of a fine, príosúnacht gan cead dul saor ar fhíneáil.
Pearl of a fine orient, péarla sárálainn.
A fine perspective, radharc m breá.
A man of fine physique, fear láidir dea-dhéanta.
Iron: We are in a fine predicament! nach deas an bhail atá anois orainn!
To present a fine spectacle to the eyes, radharc breá a nochtadh.
To be quit for a fine, do ligean saor ar fhíneáil.
The weather remains fine, tá bun ar an aimsir; tá an aimsir ag seasamh go breá.
Fine sand, gaineamh min.
He is a fine scholar, scoláire cumasach é; tá an-léann air.
A fine scoop, gallach breá; creach bhreá.
Fine slip of a girl, bonsach bhreá.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News