not, adv.Ní, ná, cha(n).1He comes not, níl sé ag teacht. I know not, ní feasach mé; ní heol dom. Fear not, ná bíodh eagla ort. 2aHe will not, won't, come, ní thiocfaidh sé; cha dtig sé. She is not, isn't, there, níl sí ann, chan fhuil sí ann. Do not, don't, stir, ná corraigh. You understand, do you not, don't you?tuigeann tú, nach dtuigeann?He is here, isn't he, is he not?tá sé anseo, nach bhfuil?Did he not go yet?cheal nár imigh sé fós?b(Stressed) I am ready. -- You are not ready, tá mé réidh. -- Níl ná réidh. cWhat is she like? -- Not pretty, cad é an chosúlacht í? -- Níl sí deas. Are you ill? -- Not at all, an bhfuil tú tinn? -- Níl ar chor ar bith, in aon chor. Thank you so much -- Not at all, go raibh céad maith agat! -- Is fiú duit sin; fáilte romhat. If fine we shall go out, if not, not, má bhíonn an aimsir go breá rachaimid amach, mura mbeidh, ní rachaidh. Is he a priest or not?an sagart é nó nach ea?Why not?cad chuige nach (ndéanfá, etc?). I wish it were not so, is mairg gurb amhlaidh atá; b'fhearr liom nach mbeadh amhlaidh. I don't care whether he comes or not, is cuma liom cé acu thiocfas sé nó nach dtiocfaidh, é a theacht nó gan é a theacht. Is she young? -- I think not, an bhfuil sí óg? -- Sílim nach bhfuil; ní dóigh liom é. Not even in France do they. . ., sa Fhrainc féin ní. . .Not negotiable, neamhinaistrithe; do-aistrithe. 3Not wishing to be seen, I drew the curtain, mar, óir, toisc, nár mhian liom go bhfeicfí mé tharraing mé an cuirtín. Not including. . ., gan trácht ar. . .He begged me not to move, d'agair sé mé gan bhogadh. 4Not that I care, ní hé gur miste liom. Not that I fear him, ní eagla atá orm roimhe; ní hé go bhfuil eagla orm roimhe. 5(With pronoun) Are you going to tell him? -- Not I!an bhfuil tú ag braith ar a insint dó? -- Baol orm!Not everybody can be a poet, ní do gach duine atá sé i ndán a bheith ina fhile. 6(In litotes) There were not a few women amongst them, níor bheag a raibh de mhná ina measc. The news caused not a little surprise, ní beag an t-iontas a chuir an scéal ar dhaoine. He had an air of dignity not unmingled with shyness, bhí bealach uasal leis nach raibh saor ar fad ó chúthaileacht. 7Not a murmur was heard, ní chualathas oiread agus monabhar. Not a drop was drunk, níor óladh braon féin.