Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: bif · F · I · ia · id
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for if »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
if, conj. 1 a . If he came, he saw it, má tháinig sé, chonaic sé é. If he comes he will see it, má thagann sé, feicfidh sé é. If it is there, I don't see it, má tá sé ansin, ní fheicimse é. If it is there to-morrow . . ., má bhíonn sé ansin amárach . . . b Dá, dá mba (rud é) go. If he had come in time, he would have seen it, dá dtagadh, dá dtiocfadh, dá mba (rud é) go dtiocfadh, sé in am d'fheicfeadh sé é. If he had come in time, it would have been all right, dá dtagadh, dá dtiocfadh, sé in am bhí sé ceart; ach é a theacht in am bhí an scéal ceart. c If . . . and. If it is fine, and (if) I am free, I shall go there, má bhíonn sé go breá, agus mé (bheith) saor, agus go mbeidh mé saor, rachaidh mé ann. d If. . . not. If he does not come, he will not see it, mura dtaga sé, dtiocfaidh sé, dtagann sé, ní fheicfidh sé é. If he is not here to-morrow . . ., mura mbídh, mbeidh, sé anseo amárach . . . If he were not here, he would not have seen it, mura mbeadh sé anseo, ní fheicfeadh sé é. e Mura mbeadh (go), murach (go), murab é. If he had not come, he would not have seen it, mura mbeadh go, murach go, murab é go, dtáinig sé, ní fheicfeadh sé é. If it were not for Seán, we would have succeeded, mura mbeadh, murach, murab é, Seán, d'éireodh linn. If its there, take it, if not . . ., má bhíonn sé ann tabhair leat é, mura mbeidh... Go and see him, if only to please me, téigh ag breathnú air, mura mbeadh ann ach le mise a shásamh. f If I were you, dá mba mise thusa. Even if he did say so, má dúirt sé sin féin; má dúirt féin. (Even) if I were given a hundred pounds, I would not do it, dá dtabharfaí céad punt féin dom ní dhéanfainn é. g (Exclamatory) If I had only known! faraoir gan a fhios sin agam! If only he comes in time! dá n-éiríodh Dia leis a theacht in am! h He talks as if he were drunk, tá sé ag caint mar a bheadh sé ar meisce. He stood as if thunderstruck, sheas sé mar dhuine a dtitfeadh an toirneach air. As if I would allow it! dar a shon go gceadóinnse é! i leith is go gceadóinnse é! 2 It is short, if anything, ar a ghiorracht, tá sé mós gearr, is mó is gearr é. He will give you a shilling for it, if that, tabharfaidh sé scilling duit air, má thugann. If (it is) necessary, más gá. If (it be) so, más mar sin é. 3 (Concessive) If they are poor, they are at any rate happy, má tá siad bocht féin tá siad sona sásta. Pleasant weather, if rather cold, aimsir dheas í, ach é bheith buille fuar. 4 (=WHETHER1.) Do you know if he is at home? bhfuil a fhios agat an bhfuil sé sa bhaile? 5 s. Your ifs and buts, do chuid má-anna agus ach-anna.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
If you deem it advisable, má mheasann tú gur ceart é.
If he replies in the affirmative, má thugann sé freagra dearfach.
F: (Of solvency) If he can keep afloat..., má éiríonn leis a ghreim a choinneáil . . .
If it is agreeable to you, má thograíonn tú é.
If he is still alive, má tá sé ina bheatha fós.
If that is all (the difficulty), mura bhfuil ann ach sin.
If he comes at all, má thagann sé ar chor ar bith.
If you are at all anxious, má tá (bhíonn) imní dá laghad ort.
If there is any wind at all, má tá (bhíonn) smid ar bith gaoithe ann.
If you are anxious to do it, má tá fonn ort a dhéanamh.
If any of them should come, má thagann aon duine acu.
There are few, if any, left, níl mórán fágtha, má tá ceann ar bith.
He knows English if any man does, tá Béarla aige má tá sé ag aon fhear beo.
If anything should happen to him, dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air.
If he has in anywise offended you, má chuir sé fearg ort ar dhóigh ar bith.
If you have aught to say, má tá a dhath le rá agat.
He looks as if he had just stepped out of a bandbox, is geall le cat siopa é.
If I were you, dá mba mise thusa, dá mbeinn i do bhróga.
If I said so it was because it had to be said, má dúirt mé sin féin is ar an ábhar go mb'éigean a rá.
If he is to be believed, más cóir aird a thabhairt air; más fíor dó féin.
v.tr.Woe betide him if ever . . ., go bhfóire Dia air má . . ., is mairg dó má.. .
(I'll be) blest if I know, deamhan a fhios agam beirthe.
I'll be blowed if . . ., go mbeire an diabhal leis mé má . . ., damnú orm má...
He could have done it if he had wanted to, d'fhéadfadh sé é a dhéanamh dá dtogródh sé é.
If the cap fits, wear it! má fheileann sé dhuitse, feileadh! S.a. THINKING2 .
I don't care! as if I cared! is cuma liom! ní miste liom!
I don't care if I do, ní miste liom; ní dhiúltóinn dó.
If you care to join us, más maith leat teacht anall, fanacht, in éineacht linn.
If you care to, má thograíonn tú; más maith leat.
If that is the case, más amhlaidh atá.
If the play catches on, má bhíonn éileamh maith ar an dráma.
If I chance to find it, más dán go bhfaighidh mé é; má tharlaíonn sé go bhfaighidh mé é.
If I could pick and choose, dá bhfaighinn breith is dá rogha.
If his circumstances allow, má bhíonn sé d'acmhainn, de ghustal, aige.
If it comes to that . . ., más sin é an chaoi a mbeidh sé . . .; má théann sé sa dóigh sin de ...
(Of idea) If it comes into his head to . . ., má bhuaileann an smaoineamh é . . .; má ritheann sé leis . . .
If I were so conditioned, (i) dá mbeinn sa chás chéanna; (ii) dá mbeadh an taithí chéanna agam.
If I could find some congenial employment, dá bhféadfainn obair a fháil d'oiriúnódh mé.
If it is convenient for you, má tá sé feilteach duit.
F: I'm damned if I know, dheamhan a fhios agam, níl a fhios agam sa diabhal.
You will catch your death, if you go out in this weather, gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir.
If you desire it, má thograíonn tú é.
If you feel so disposed, má bhíonn an fonn ort; má thograíonn tú.
If it should come to the ears of the priest, dá dtagadh sé in éisteacht an tsagairt; dá gcloisfeadh an sagart an scéal.
Even if, even though, he fails, má theipeann féin air, fiú (amháin) má theipeann air.
If I succeeded even in seeing him, dá n-éireodh liom é a fheiceáil amháin, é a fheiceáil féin, é a fheiceáil fiú amháin.
If he ever comes, má thagann sé go deo, choíche.
If you will excuse the expression, i gcead duitse.
If it be a fact that, más amhlaidh go...
I feel as if . . ., samhlaítear, taibhsítear, dom go . . .
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News