EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
going 1 , a . 1 A going concern , gnó atá ar siúl . 2 It is one of the best firms going , tá sé ar cheann de na comhlachtaí is fearr amuigh .
going 2 , s . 1 a Goings and comings , teacht m agus imeacht m . b Four hundred miles in two hours, that’s very good going , ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é . c Going to law , dul chun an dlí, chun na cúirte . 2 Dul m chun siúil , imeacht m . 3 Rough going , (i) bealach m aimhréidh ; (ii) marcaíocht f anacair . Go while the going is good , bí ag imeacht fad agus tá an deis agat .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is accustomed to going there , tá sé de nós aige dul ansin .
He is going ahead , tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh .
His condition would not allow of his going out , ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air .
Things are (going) all anyhow , tá an uile rud bun os cionn .
He is going from bad to worse , tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach .
Things are going, turning out, badly , níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí .
Going about barefooted , ag imeacht sna boinn .
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó , sular imigh sé , dúirt sé ...
He is bent on going away , tá rún daingean imeachta aige .
That is (going) beyond a joke , tá sin ag dul thar ghreann .
They're going, selling, like hot cakes , tá fuadach orthu ; tá siad lasta .
Everything is going like clockwork , tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon .
He is going dead slow , tá sé ag imeacht go rímhall .
They are quite decided about going there , tá siad meáite go daingean ar dhul ann .
He is going to his own destruction , tá sé ar bhealach a bhasctha .
I am going for a dip , táim ag dul ag snámh .
Going downwards , ag dul síos .
An easy-going man , sodamán m , duine sochma .
I thought he was going to eat me , shíleas go raibh sé ar tí mé a fheannadh .
That is going too far , tá sin ag dul thar fóir .
F : I am not going to pull the chestnuts out of the fire for him , ní chuirfeadsa mé féin i gcontúirt chun breith ar a aithreachas a thabhairt dósan .
adv .It is going first-rate , tá sé ag déanamh go seoigh, go diail .
He was going at a foot-pace , bhí sé ag imeacht leis de réir a choise .
I am going to London and I'll stay there for a week , beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine .
Where are you going? cá bhfuil do thriall?
To be going , bheith ag gluaiseacht, sa siúl .
To set a machine going , inneall a chur ag gluaiseacht, sa siúl .
To keep s.o. going in food , bia a choimeád le duine .
He has enough to keep him going , tá tarraingt a láimhe aige .
We must keep the industry going , caithfimid an tionscal a choimeád ar siúl .
To keep the fire going , an tine a choimeád ar lasadh, istigh .
How is the war going? conas tá an cogadh ag imeacht, ag déanamh?
Things are not going well , tá droch-chaoi ar an scéal .
As things are going , ar an gcuma a bhfuil an saol (ag imeacht) .
When he gets going he never stops , nuair a thosaíonn sé ní féidir é a stad .
To be going fifty , bheith ag druidim leis an leathchéad .
She kept going oh! and ah! bhí gach aon ó! agus á! aistí .
We must be going , tá sé in am bóthair .
His sight is going , tá na súile ag teip air ; tá an radharc ag meath aige .
These spoons are going for sixpence each , tá na spúnóga seo á ndíol ar réal an ceann .
Going! going! gone! aon! dó! trí! díolta is ceannaithe!
If I hear of any job going , má chloisim faoi aon phost a bheith ag imeacht
I am going to go , táim meáite ar dhul .
I am going to have my own way , mo thoil féin a dhéanfad .
I am not going to be forced , ní imreoidh aon duine lámh láidir ormsa .
I am going to spend my holidays abroad , tá beartaithe agam, tá ar intinn agam, dul thar sáile ar mo laethanta saoire .
I am going to tell you a story , inseoidh mé scéal duit anois .
He's going it! tá sciatháin faoi! níl aon teorainn leis!
There is a rumour going about that . . ., tá ráfla ag imeacht, á reic, go . . .
He is going about again , tá sé ar a chois arís .