EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
than , 1 conj . a Ná . I have more, less, than you , is mó, is lú, atá agamsa ná agatsa . More than twenty , breis agus fiche . More than once , níos mó ná aon uair amháin . You had better speak to him than write , is fearr dhuit labhairt leis ná scríobh chuige . No sooner had we entered than the music began , níor thúisce istigh sinn ná thosaigh an ceol . b Ach, seachas . She would do anything rather than let him go , dhéanfadh sí rud ar bith ach ligean dó imeacht . Any person other than himself , duine ar bith ach, seachas, é féin . There were persons other than you there , bhí daoine tharatsa ann . 2 quasi-prep . A man than whom no one was more respected , fear nach raibh aon duine ba mhó a raibh meas air ná é .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
No longer ago than last week I saw him , níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é .
He will do it better than any man alive , níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis .
Is there anything more pleasant than ...? cá bhfuil an rud is aoibhne ná ...?
F : He got more than he bargained for , fuair sé rud nach ndearna sé margadh air .
F : His bark is worse than his bite , is troime a bhagairt ná a bhuille .
(With comparative or superlative) He is better than John , is fearr é ná Seán , tá sé níos fearr ná Seán .
Better bend than break , is fearr lúbadh ná briseadh .
This one is better than that one , is fearr an ceann seo , tá an ceann seo níos fearr , ná an ceann sin .
He is a better man than you , is fearr d'fhear é ná thusa .
He is far better than John , níl aon ghoir ag Seán air .
To go one better than s.o ., duine a shárú .
It is better to go away than stay , is fearr imeacht ná fanacht .
I know that better than you , is fearr a fhios sin agamsa ná agatsa .
Don't bite off more than you can chew , ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chumhdach .
Blood is thicker than water , is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas .
Salt water is more buoyant than fresh , is fearr ón sáile rud a choinneáil ar snámh ná ón bhfíoruisce .
It is considerably more important than ..., is tábhachtaí go mór é ná . . .
He is a great deal wiser than you , tá i bhfad (Éireann) níos mó céille aige ná mar atá agatsa .
He writes better than I do , is fearr a scríobhann sé ná mar a scríobhaimse .
Easier said than done , is fusa a rá ná a dhéanamh .
He eats little else than bread , is beag eile a itheann sé ach arán .
He has more than enough , tá a dhá dhóthain, a dhóthain mhór, aige .
It started to rain, faster than ever , tháinig an bháisteach níos tréine ná riamh .
He has fewer debts (than you) , is lú na fiacha atá air (ná mar atá ortsa) .
It is more than flesh and blood can stand , scrúdfadh sé croí an duine .
Pound for pound I am richer than he , punt ar phunt is saibhre mise ná é .
Go the road (rather than the fields) , gabh an bóthar (agus ná bac leis na goirt) .
To go one better than s.o ., an barr a bhaint de dhuine
He drank more than was good for him , d'ól sé braon thar an gceart .
F : More than half (of) the time , dhá thrian an ama .
It will do more harm than good , is mó an t-olc ná an mhaith a dhéanfas sé .
He is taller than I by a head , tá an cloigeann aige orm .
Two heads are better than one , is fearr dhá chloigeann ná ceann .
Don't delay any longer than you can help , ná déan moill ach chomh beag agus is féidir .
I am higher than him by an inch , tá orlach agam air .
He got more kicks than ha'pence , ba mhó a fuair sé de mhasla ná de charthanacht .
He knows more than he says , tá níos mó eolais aige ná a ligeas sé air féin .
He knew better than to . . ., thug sé dá aire nach . . .
I know better (than that) , (i) is eol dom a athrach sin; (ii) ní heagal dom! baol orm!
He knows better than to do it , ní heagal dó a dhéanamh .
Better late than never , is fearr go mall ná go brách ; is fearr déanaí ná ródhéanaí .
As late as yesterday, no later than yesterday , an lá inné féin .
Something of less value, importance (than. . .) , rud is lú luach, tábhacht (ná . . .) .
My business is of less urgency than his , is lú práinn mo ghnósa ná a ghnósin .
Quantities, sums, less than a certain amount , suimeanna is lú ná oiread áirithe, faoi bhun oiread áirithe .
In less than an hour , faoi bhun uair a chloig .
It is less bright (than. . .) , is lú solas é (ná . . .) ; níl sé chomh geal (le . . .) .
I had less than six , bhí níos lú ná, faoi bhun, sé cinn agam ; ní raibh na sé cinn agam .
(i) It is nothing less than monstrous , níl sé ar aon chuma eile ach go huafásach .
(ii) He resembles nothing less than a poet , níl aon phioc de dhealramh an fhile air ; le file is lú is dealraitheach é .