play1, s.1aCigilt f (solais). Play of light on a jewel, dealramh solais ar sheoid. bBeartaíocht f (airm, maide). To make play with one's stick, do mhaide a bheartú. cTo come into play, teacht i dtreis, sa siúl. To call sth. into play, rud a chur ar obair. In full play, faoi lán seoil. To give full play to one's imagination, lán scóid a ligean le do shamhlaíocht. To keep s.o. in play, duine a choinneáil ar siúl. dOibriú m (innill). eMec.E: etc.: Scóip f, ligean m (ag ball d'inneall). 2aSúgradh m. bTo say sth. in play, rud a rá le greann. Play on words, nathaíocht f. 3aImirt f -eartha, cearrbhachas m. Ruined by play, scriosta ag an gcearrbhachas. bGames: Imirt f. Play began at one o'clock, thosaigh an cluiche ag a haon a chlog. The ball was in play, out of play, bhí an liathróid san imirt, as an imirt. 4Th: Drámam. To go to the play, dul chun na hamharclainne.
play2 . Iv.i. 1Preabann; (of animals) déanann macnas, princeam; (of light) tá ag cigilt. The sun plays on the water, tá an ghrian ag damhsa ar an uisce. 2a(Of fountain) Steallann. bThe organ is playing, tá an t-orgán ag seinm. v.tr.The band played the troops out of the town, rinne an banna na saighdiúirí a chomóradh amach as an mbaile le ceol. c(Of part of mechanism) Tá ligean ag. 3aTáim ag súgradh. Run away and play, imigh leat ag spraoi duit féin; seo leat amach ag seó. bTo play with one's stick, bheith ag méaradrú ar do bhata. cYou are playing with fire, tá tú ag rith ar thanaí. He is not a man to be played with, ní haon dóithín é; fear é a mb'fhearr do dhuine dul lena thaobh. II►play, v.tr. or ind. tr. 1To play cards, cártaí a imirt. Play!imir!To play fair, an cluiche a imirt go hionraic. F: To play for one's own hand, bheith ag tochras ar do cheirtlín féin. They are playing into each other's hands, tá siad ag obair as lámha a chéile. S.a. TIME1 3. 2To play (on) a musical instrument, seinm ar ghléas ceoil; gléas ceoil a chasadh. Won't you play for us?nach gcasfaidh tú port dúinn?III►play, v.tr.1Th: aDéanaim (páirt). She played the part of Deirdre, is í a bhí ina Deirdre; ghlac sí páirt Dheirdre. F: To play the idiot, ligean ort féin gur amadán thú. To play the man, tú féin a iompar go fearúil. S.a. TRUANT. bTo play a tragedy, traigéide a léiriú. 2To play a trick on s.o., cleas a imirt ar dhuine. 3aCards: To play a card, cárta a imirt. bGames: Imrím. Playing hurley, ag bualadh báire. Who plays first?cé leis tús imeartha?4aTo play a match, cluiche a imirt. bTo play s.o. at chess, cluiche fichille a imirt le duine. I played him for a goose, d'imir mé gé leis. cSp: Cuirim (duine) ar an bhfoireann. 5To play s.o. false, fealladh ar dhuine. 6To play a salmon, iascach a thabhairt do bhradán. 7To play water on the fire, an t-uisce a dhíriú ar an tine. To play on s.o.'s feelings, fadú faoi dhuine. To play on s.o.'s credulity, bheith ag scaoileadh faoi dhuine.