EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
door , s . Doras m . Entrance door, street-door, front-door , doras sráide, doras tosaigh . Side-door , taobhdhoras . S.a. BACK-DOOR. Carriage-door , doras carráiste . Double door , doras dhá chomhla . Folding doors , doras infhillte . Sliding door , comhla shleamhnáin . To show s.o. the door , an doras a thabhairt do dhuine . To show s.o. to the door , dul go doras le duine . To keep within doors , fanacht istigh . To turn s.o. out of doors , duine a chur amach as an teach . To play out of doors , súgradh a dhéanamh amuigh faoin aer . He was denied the door , dúnadh an doras air . To open the door to abuses , caoi mhaith a thabhairt do lucht droch-chleachtaidh . To open the door to a settlement , bealach a réiteach chun socraithe . To close the door to, against, s.o ., an doras a dhúnadh ar dhuine . To close the door upon any discussion , deireadh a chur le deis díospóireachta . To lay a charge at s.o.'s door , coir a chur i leith duine . The fault lies at my door , orm féin an locht .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
When I opened the door a man jumped in , nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach .
Door that gives access to a room , doras isteach chun seomra .
Access to the door is by a flight of steps , suas staighre a théitear go dtí an doras .
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
It would be advisable to lock the door , den chríonnacht an glas a chur ar an doras .
He closed the door after him , dhruid sé an doras ina dhiaidh .
To air clothes (out of doors) , éadach a chur amach faoin ngaoth .
Answer the door , oscail an doras .
To assist s.o. to the door , taca a thabhairt do dhuine chun an dorais ,
He got into the job through the back-door , shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar .
To bang the door , an doras a phlabadh .
Bar of a door , maide éamainn , sparra m comhla .
Barn door fowls , éanlaith clóis .
v .i .To batter at the door , greadadh ar an doras .
To beat at the door , bualadh ag an doras , an doras a rúscadh .
Arch : Blind door, window , doras, fuinneog chaoch .
The door blew open , chuir an ghaoth an doras isteach .
v .tr .The wind blew in the door , chuir an ghaoth isteach an chomhla .
To break open a door, a lock , doras, glas, a bhriseadh .
A built-in door way , doras caoch .
To burst open a door , comhla a ghreadadh isteach, amach .
v .tr .To burst in a door , doras a bhriseadh isteach .
Com : To canvass from door to door , canbhasáil ó theach go teach .
To keep close to the door , fanacht gar don doras .
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
That dashed door . . ., an diabhal, an cleabhar, de dhoras sin .
Dead as a door-nail, as mutton , chomh marbh le hArt .
Deaf as a door-post , chomh bodhar le slis .
To be at death's door , bheith in uacht báis, bheith ag comhrá leis an mbás .
To deny the door to s.o ., an doras a dhúnadh in aghaidh duine .
I shall drop you at your door , fágfaidh mé ag an doras thú .
The door flew open , leath an doras de phreab .
Out-door games , cluichí faoin aer .
To get a door to shut , bail a chur ar dhoras le go ndúnfadh sé .
The door gives into the street , tá an doras ag oscailt amach ar an tsráid .
He gave in a parcel (at the door) , shín sé beart (an doras) isteach .
His eyes were glued to the door , bhí a shúile sáite sa doras aige .
Go and shut the door , téirigh agus dún an doras ; éirigh anonn agus dún an doras .
The door grated on its hinges , bhí díoscán ag insí an dorais .
F : To hammer at the door , an doras a chnagadh .
To hang a door , comhla a chrochadh .
Hanging door , comhla chrochta .
The door is off its hinges , tá an chomhla dá hinsí .
His head hit against the door-jamb , buaileadh a chloigeann faoin ursain .
I imagined I heard a knock at the door , chonacthas dom gur chuala mé cnag ar an doras .
He got his finger jammed in the door , rug an doras ar a mhéar .
Just by the door , le hais an dorais .
Just when the door was opening , go díreach nuair a bhí an doras á oscailt .
To leave the key in the door , an eochair a fhágáil sa ghlas .