EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
praise 1 , s . Moladh m . To speak in praise of s.o ., labhairt ag moladh duine ; moladh duine a dhéanamh . To sound one's own praises , gaisce a dhéanamh ; bheith do do mholadh féin . I am not given to praise , ní duine moltach mé ; is duine righin faoi mholadh mé . To be loud, warm, in s.o.'s praise , duine a mholadh go haer ; gan fuíoll molta a fhágáil ar dhuine . Beyond all praise , os cionn ranna . Praise be to God! moladh le Dia! To the praise of God , chun glóire Dé .
praise 2 , v .tr . 1 Molaim, tugaim moladh do (dhuine) . He was praised by everyone , bhí moladh ag gach duine air . 2 To praise God , moladh m a thabhairt do Dhia . 3 F : To praise s.o. up , duine a chuachadh suas .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Surpassing) Beyond praise , os cionn molta , thar mholadh .
He both praises and blames it , molann sé é is san am céanna cáineann sé é .
To break into praise of s.o ., tosú ag moladh duine .
To chant s.o.'s praises , duine a mholadh go haer .
Chary of praise , gortach faoi mholadh .
Chorus of praise , gáir mholta .
To deserve praise , moladh a thuilleamh .
Extravagant praise , moladh thar meán .
Eager for praise , cíocrach chun molta .
He is grudging of praise , is deacair leis moladh a thabhairt ; tá sé gann faoina mholadh .
He hankers after praise , tá tóir mhór ar mholadh aige .
To heap praises on s.o ., duine a mholadh go barr bata .
I was praising her , bhí mé á moladh .
He was following, praising, her , bhí sé á leanúintse, á moladhsa .
I was praising him , bhí mé á mholadh .
Praise which was indeed well deserved , agus sin féin an moladh a bhí tuillte .
He became intoxicated with the praise which he received , chuaigh an moladh a fuair sé ina cheann dó .
To be lavish in, of, praises , bheith flúirseach faoi mholadh .
He was loud in his praises of the wine , mhol sé an fíon go hard, go spéir .
He was praising me , bhí sé do mo mholadh .
He was praising, following, me , do mo mholadhsa, do mo leanúintse, a bhí sé .
Lit : To offer one's meed of praise , an moladh a bhí tuillte a thabhairt .
To be profuse of praise , gan fuíoll molta a fhágáil ar (dhuine) ; (duine, rud) a mholadh go rothaí na gréine .
Prov : Self-praise is no recommendation , is deas do do bhéal a mholtar é .
To single s.o. out for praise , moladh a thabhairt do dhuine as measc cáich .
He is sparing of praise , tá sé gann, righin, faoi mholadh .
He was praising thee , bhí sé do do mholadh .
She was praising, following, thee , do do mholadhsa, do do leanúintse, a bhí sí .
Undiscriminating praise , baothmholadh m .
To give s.o. ungrudging praise , gan moladh a cheilt ar dhuine ; gan fuíoll molta a fhágáil ar dhuine .
Unqualified praise , fíormholadh m .
To give s.o. unstinted praise , duine a mholadh go spéir .
He was praising us , bhí sé ár moladh .
The person whom he did not praise , an duine nár mhol sé .
He was praising you , bhí sé do do mholadh, do bhur moladh .
When he was praising, following, you , nuair a bhí sé do do mholadhsa, do do leanúintse ; nuair a bhí sé bhur moladhsa, bhur leanúintse .