EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
him , pers .pron. 1 É . a Have you seen him? an bhfaca tú é? b After simple prep . that has no pron. form Without him , gan é . Between him and the wall , idir é agus an balla . 2 Prep. pron. in Irish a Direct or indirect obj. I trust him , tá muinín agam as . I will give him one , tabharfaidh mé ceann dó . b After prep . I got a letter from him , fuair mé litir uaidh . 3 Poss. a . in Irish a With v.n . I was praising him , bhí mé á mholadh . I couldn't keep him there , níor fhéad mé a choinneáil ann . b With compound prep . Above him , os a chionn . Behind him , ar a chúl . 4 Emphatic forms in Irish Eisean ; -sean , -san . a I saw him but not you , chonaic mé eisean ach ní fhaca mé tusa . There is room there for him and you , tá slí ann dósan agus duitse . Him I respect , tá meas agam airsean . Anybody but him , duine ar bith ach eisean . b Stressed in English I saw him , chonaic mé eisean . She was speaking of him , bhí sí ag caint airsean . I would give him nothing , ní thabharfainn a dhath dósan . She was following him , bhí sí á leanúint-sean . 5 An té m . The prize goes to him who . . ., beidh an duais le fáil ag an té a . . 6 Stressed as nom . F : It's him , eisean atá ann . That's him! sin é é!
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I can't abide him , ní féidir liom a sheasamh, cur suas leis .
There is something uncommon about him , tá rud éigin neamhchoitianta ann .
His work absorbs him , tá sé sáite ina chuid oibre .
(In marriage ceremony) I do accept her (him) , gabhaim léi (leis) .
I obtained access to him , d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis .
I have access to him , tá teacht agam air .
(Therefore) Accordingly I wrote to him , mar sin de scríobhas chuige ; dá bhrí sin scríobhas chuige .
I acquainted him with the facts of the case , chuireas an scéal go hiomlán ina láthair .
I didn't know him from Adam , ní raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé bhí agam ann .
It might be advisable to consult him , b'fhéidir gur chóir dul i gcomhairle leis .
I am afraid of him , tá faitíos m , eagla f , orm roimhe .
I never spoke to him after , níor labhair mé riamh leis ó shin .
He closed the door after him , dhruid sé an doras ina dhiaidh .
Time after time, I said it to him , dúirt mé leis é arís agus arís eile .
I shall see him this afternoon , feicfidh mé tráthnóna é .
I saw him on Tuesday afternoon , chonaic mé tráthnóna Dé Máirt é .
F : I ran up against him , casadh orm de thaisme é .
F : It is an age, it is ages, since I saw him , ní fhacas leis na cianta é .
I found him greatly aged , chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air .
No longer ago than last week I saw him , níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é .
I set him all agog , chuir mé fuadar faoi ; F : chuir mé an tine ar an bpíopa aige .
The wine does not agree with him , ní thagann an fíon leis .
I am in agreement with him , tá mé ar aon intinn, ar aon tuairim, leis .
F : He has an air about him , tá cuma ghalánta air ; tá roilsí ag baint leis .
We all love him , tá grá againn uile air .
Do you know him at all? an bhfuil aon aithne agat air?
What providence allotted to him , an rud a gheall an chinniúint dó .
He allowed it to be stolen from him , lig sé a ghoid uaidh .
His silence alone is sufficient proof against him , mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é .
Leave, let, him alone , (i) éist leis, lig dó ; (ii) lig leis, tabhair an bealach dó .
I count him amongst my friends , duine de mo chuid cairde é .
I will answer for him , beidh mise freagrach as .
There wasn't anyone able for him , ní raibh duine ar bith in ann aige .
Anyone would think him mad , shílfeadh duine gur as a chiall a bhí sé .
Anyone who had seen him at the time . . ., cibé, an té, a chonaic san am é ...
If anything should happen to him , dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air .
A ghost appeared to him , nocht an tais os a choinne .
I have an appointment with him , tá coinne agam leis .
That argues him to be a coward , sin cruthú nach bhfuil ann ach cladhaire .
Keep him at arm's length , coinnigh fad do rí uait é .
As I live I saw him strike the blow , chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é .
I had him as a master , bhí sé ina mháistir orm (seal) .
I took him aside , thug mé ar fhód ar leith é .
Ask him the time , fiafraigh de cén t-am é .
Ask him the way , cuir eolas an bhóthair leis .
My astonishment at seeing him , an t-iontas a bhí orm nuair a chonaic mé é .
(To dog) At him! sturr! stoir! beir air!
He set the dog at him , chuir sé an madra ann, as .
The doctor was in attendance on him every day , bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá .
They gave him every attention , chuir siad gach cóir air .