Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: sere · serge · server · swerve · verve
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for serve »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
serve, I v.tr. 1 a (Of pers.) To serve a master, bheith i seirbhís máistir; bheith i do sheirbhíseach ag máistir. To serve God, bheith umhal do Dhia; bheith faoi réir Dé. To serve humanity, fónamh don phobal. How can I serve you? an bhfuil gar a d'fhéadfainn a dhéanamh duit? To serve Mass, an tAifreann a fhriotháil. Abs.To serve at table, freastal ag bord. To serve in the army, seirbhís airm a dhéanamh. He has served ten years, tá seirbhís deich mbliana aige. To serve on a jury, bheith ar ghiúiré. b To serve one's apprenticeship, printíseacht a chur isteach. He has served his time, tá a phrintíseacht istigh aige. He has served his sentence, tá a phionós istigh. 2 a (Of thg.) Fónann do (dhuine). It will serve the purpose, déanfaidh sé cúis, an gnó. b If my memory serves me right, más buan mo chuimhne. 3 Freastalaíonn (ar), fónann do. The priest serves two parishes, tá dhá pharóiste faoi chúram an tsagairt. The locality served by the railway line, an ceantar a ndéanann an bóthar iarainn freastal air. 4 a Freastalaíonn ar (dhuine i siopa). To serve s.o. with a pound of butter, punt ime a leagan chuig dhuine. Are you being served? an bhfuiltear ag freastal ort? b Tradesman who has served us for ten years, ceannaí a rinne ár gcúram le deich mbliana. (At table) To serve s.o. with soup, anraith a leagan chuig duine. Serve him with tea, cuir, scaoil, braon tae chuige. 5 a To serve food, (i) bia a chur ar bord; (ii) bia a riaradh. b Ten: To serve (the ball), an liathróid a sheirbheáil. 6 To serve a writ on s.o., to serve s.o. with a writ, eascaire a leagan, a sheirbheáil, ar dhuine. 7 Riaraim (duine), déanaim riar (duine). He served me badly, thug sé drochbhail orm. He served me well, chruthaigh sé go maith dhom. It serves him right, gura mar sin dó, is beag an scéal é; is maith an díol air é. Serve him right for going, maith an scéal é nár fhan ag baile. II v.i. 1 To serve for sth., fónamh in ionad ruda. It served him for a chair, rinne sé ionad cathaoireach dó. To serve as a pretext, an example, (é) bheith ina leithscéal, ina shampla. 2 When occasion serves, ar faill; nuair a thiocfaidh an fhaill.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Troops serving abroad, saighdiúirí ar seirbhís i gcéin.
He served afloat, bhí sé ina mhairnéalach.
They'll serve as cannon-fodder, stopfaidh siad urchair.
First come first served, tagadh do sheal mar a tháinig tú féin.
It serves as a foil to her beauty, cuireann sé barr maise ar a háilleacht; is treisede a háilleacht é.
To serve a sentence of imprisonment, tréimhse príosúnachta a chur isteach.
To serve on the jury, bheith ar an gcoiste cúirte.
To serve a notice on s.o., duine a sheirbheáil le fógra cúirte.
It served as an offset to her beauty, chuir sé a háille os ard.
To serve a writ on s.o., eascaire a sheirbheáil ar dhuine.
It serves many purposes, is iomaí feidhm atá le baint as.
To serve at sea, bheith i seirbhís ar farraige.
To serve s.o. out for sth., éiric, sásamh, ruda a bhaint as duine.
To serve up food, bia a chur ar bord.
To serve up an old tale, seanscéal a aithris, a tharraingt anuas.
Serving soldier, saighdiúir ar seirbhís.
Dinner is served, sir, tá an dinnéar réidh, a dhuine uasail.
To serve five hundred people at one sitting, cúig chéad a chur chun boird in éineacht.
Solicitous to serve, fonnmhar chun friothála.
It will serve as a stop-gap, líonfaidh sé bearna; bainfear gaisneas as.
To serve a summons on s.o., duine a sheirbheáil.
To serve one's time (of apprenticeship), do théarma a chur isteach (mar phrintíseach).
This hat has served its time, tá a sheal tugtha ag an hata seo.
It will serve my turn, bainfidh mé mo sheal, mo ghairimint, as; déanfaidh sé cúis dom faoi láthair.
We are waiting to be served, táimid ag feitheamh le freastal.
F: It serves him jolly well right, is maith an airí air é; a chonách sin air!
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News