EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
war 1 , s . Cogadh m . Naval war , cogadh mara . To go to war , dul chun cogaidh . To make war on s.o ., cogadh a chur ar dhuine . They were at war with each other , bhí sé ina chogadh eatarthu . War of the elements , cogadh na ndúl . War of words , sáraíocht f , siúite m . F : You look as if you had been in the wars , tá a dhealramh ort go bhfuair tú do chíorláil . On a war footing , i dtreo cogaidh . War zone , crioslach m cogaidh .
war 2 , v .i . To war against s.o ., cogadh a chur ar dhuine . To war against abuses , cath a chur ar an olc ; seasamh in aghaidh an oilc .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
On account of the war , as siocair, de bharr, an chogaidh .
That affected the course of the war , chuaigh sin i bhfeidhm ar chúrsaí an chogaidh .
It will be decided by the arbitrament of war , cogadh a shocrós é .
The arena of the war , compall m an chogaidh .
The art of war , ealaín an chogaidh .
War of attrition , cogadh tnáite .
There was a war between them , bhí sé ina chogadh eatarthu .
The war broke out , thosaigh an cogadh .
He submitted to the chance of war , chuaigh sé i bhfiontar an chogaidh .
Class war , cogadh aicmeach .
The Crimean War , Cogadh Chrimé .
War-cry , liú m catha , gáir chatha .
To declare war , cogadh a fhógairt (on, against , ar ) .
For the duration (of the war) , i gcaitheamh an chogaidh .
He embroiled the nation in war , tharraing sé cogadh ar an náisiún .
The eventualities of war , dánta an chogaidh .
On a war footing , mar a bheadh le linn cogaidh .
To force a nation into war , náisiún a thabhairt chun cogaidh dá ainneoin .
The fortune of war , cinniúint chogaidh .
We got talking about the war , thosaigh an chaint ar an gcogadh againn .
How is the war going? conas tá an cogadh ag imeacht, ag déanamh?
To go to war , cogadh a chur (with , ar ) dul i gcogadh (with , le ) ; dul chun cogaidh .
The war has not done us any good , ní fearrde sinn an cogadh .
The Great War , an Cogadh Mór .
War was impending , bhí cogadh ag bagairt .
Implements of war , trealamh, gléas, cogaidh .
Internecine war , cogadh díothaithe cine .
War to the knife , cogadh gan trócaire .
To levy war on s.o ., cogadh a chur ar dhuine .
To make war , cogadh a chur ar siúl, a chothú .
War material , trealamh m cogaidh .
Those who menace war , an mhuintir a bhagraíonn cogadh .
Munition(s) of war , muinisean m , lón m cogaidh .
Impers. It needed the horrors of war to open our eyes , níor mhór uafás an chogaidh chun ár súile a oscailt .
He precipitated the country into the war , sháigh sé an tír isteach sa chogadh .
For a long time pre-war , i bhfad roimh an gcogadh .
Hist : The Wars of the Roses , Cogadh na Rós .
War is the greatest scourge , is é an cogadh an scéin is measa ar domhan .
He went through the war without a scratch , chuaigh sé tríd an gcogadh gan cleite a chailleadh .
Seat of war , limistéar m an chogaidh .
Since the war things have settled down , tá an saol ag socrú ó stad an cogadh .
The sinews of war , airgead chun cogaidh .
F : Country torn by war , tír a stolladh ag coimheascar .
F : The theatre of war , láthair f an chogaidh .
War brings famine in its train , tarraingíonn cogadh gorta ; leanann gorta cogadh .
The Trojan War , Cogadh m na Traoi .
Tug of war , tarraingt téide .