orlach, m. (gs. -aigh, pl. -aí1).1. Inch. Rud a thomhas ina orlaí, to measure sth. in inches. Chuardaigh siad ina orlaí é, they searched it inch by inch. Shiúil mé ina orlaí beaga é, I went over every inch of it. Dá mbeadh ~ den fhear ann, if he had any manliness in him. Ní fearr Éire ná ~, an inch is as good as a mile. Gan ~ a ghéilleadh, not to yield an inch. S.a. coinneal 1. 2. Bit, fragment. Tá sé ina orlaí tríd, it is interspersed with it. Níl tusa ~ níos fearr ná é, you are not one bit better than he is. Tá seisean gach aon, gach uile, ~ chomh dona leo, he is every bit as bad as them.