suppose, v.tr.aCuirim i gcás. Let us suppose the two things equal, abair, cuir i gcás, go bhfuil an dá rud cothrom. Suppose ABC an equilateral triangle, abair gur triantán comhshleasach é ABC; bíodh ABC ina thriantán comhshleasach. Suppose you are right, supposing (that) you are right, bíodh an ceart agat. Supposing he came back, dá mba rud é go dtiocfadh sé ar ais. F: Suppose we change the subject, caithimis tharainn é mar scéal. bThat supposes the perfectibility of man, ní mór chuige sin, cuireann sin i gcéill, an duine a bheith infhoirfe; is ionann sin agus a rá, fágann sin, go bhfuil an duine infhoirfe. cSílim, samhlaím, creidim. You will do it, I suppose, déanfaidh tú é is dóigh? déanfaidh tú é ar ndóigh?I don't suppose he will do it, ní mheasaim, ní hé mo thuairim, mo bharúil, go ndéanfaidh sé é. Will you go? -- I suppose so, an rachaidh tú ann? Sílim, is dócha, go rachad. I declined, as you may suppose, chuir mé suas dó, ní nach ionadh. F: I don't suppose I have been in a bus for twenty years, ní dóigh liom go rabhas ar aon bhus le fiche bliain. I don't suppose you know me, ní bheadh aithne agat ormsa is dóigh. He is supposed to be wealthy, tá sé amuigh air go bhfuil sé saibhir; tá ainm an tsaibhris air. He is not supposed to know, níl sé ceaptha dó fios a bheith aige.