Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: mac · mad · mag · mam · man
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh may » agus May »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
may1, v.aux. 1 a With luck he may get it, seans go bhfaighidh sé é, ach an t-ádh a bheith air. He may not be hungry, b'fhéidir nach bhfuil aon ocras air. He may miss the train, tharlódh go n-imeodh an traein air. I may (possibly) have done so, b'fhéidir go ndearna mé sin. b How old might she be? cén aois a bheadh aici? Who may you be? cé atá agam ann (mura miste fiafraí)? Might it not be well to warn him? nár chóir a chur ar a fhaichill? c It may, might, be that. . ., thiocfadh dó go . . .; d'fhéadfadh sé go . . .; b'fhéidir go . . . Be that as it may, bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh; bíodh sin mar atá. That's as may be, tá sin de réir mar a thitfidh. As you may suppose, mar a mheasfá, a mheasfadh duine. Run as he might he could not overtake me, dá sciobtha dá rithfeadh sé ní bhéarfadh sé orm. d We may, might, as well stay where we are, tá sé, bheadh sé, chomh maith againn fanacht mar a bhfuilimid. S.a. WELL3 I. 1. e I say, you might shut the door, nach breá nach ndúnann tú an doras! He might have offered me a drink, is iomaí a leithéid a thairgfeadh deoch do dhuine. 2 May I? le do chead? May I come in? -- You may, bhfuil cead agam teacht isteach? -- tar. May I go now? an bhféadfaidh mé imeacht anois? If I may say so, mura miste dom a rá. The judge may decide..., ag an mbreitheamh atá sé le socrú... 3 Let the horse loose that he may get a drink, lig a ceann leis an gcapall go bhfaighidh sí deoch. I hope it may be true, tá súil agam gur fíor é; gura fíor scéal. I hope he may get it, tá súil agam go bhfaighidh sé é. 4 May he succeed, go n-éirí leis! Much good may it do you! nár dhéana sé maith duit! nár fhaighir a thairbhe! Long may you live to enjoy it, go maire tú é faoi fhad saoil.
May2, s. 1 Bealtaine f. In (the month of) May, faoi Bhealtaine. The first of May, m Bealtaine; an chéad lá de Shamhradh. Queen of the May, May queen, banríon f na Bealtaine. F: May and December, an spéirbhean mhaiseach mar chéile leapa ag cladhaire caite gan sásamh. 2 May (-bush, -tree), sceach gheal. May(-blossom), bláth m na sceiche gile.
May3 . Pr.n. Máire f, Máirín f.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
You might with advantage apply to . . ., b'fhéidir go mb'fhiú duit dul chuig . . .
It might be advisable to consult him, b'fhéidir gur chóir dul i gcomhairle leis.
She might be of any age, ní bheadh a fhios ag duine cá haois í.
You may bring any person you like, féadfaidh tú do rogha duine a thabhairt leat.
Be that as it may, bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh.
You may have it for the asking, it is yours for the asking, níl ort ach a iarraidh.
You may rest assured that..., féadfaidh tú bheith cinnte go . . .
That may be, b'fhéidir sin, thiocfadh dó.
You may talk till you are blue in the face, till all's blue, bheifeá ag caint go dtitfeadh an t-anam asat.
Who knows but that he might come? cá bhfios nach, ná go, dtiocfadh sé?
A cat may look at a king, faigheann an cat cead amharc ar an rí is ní fhaigheann an rí cead é a chaitheamh.
May I go now? an bhféadfaidh mé imeacht anois?
Come what may, cibé ar bith céard a tharlós.
He may conceivably have reached the summit, tá seans ann gur shroich sé an barr.
That is not the case, as you may well conceive, ní hamhlaidh atá, faoi mar tuigfear go réidh duit.
It might pass in a crowd, níl sé thar mholadh beirte.
He might have been a little less curt, thiocfadh leis a bheith ní ba shíodúla.
He may arrive any day, thiocfadh dó teacht lá ar bith feasta.
In his defence, it may be said that. . ., ar a shon, ar a thaobh, is féidir a rá go . . .
You may depend upon it that what I say is true, is féidir a bheith cinnte go bhfuil mé ag déanamh na fírinne.
Devil-may-care spirit, intinn (i) mheargánta, (ii) aerach, neamhbhuartha.
May I open these letters? -- Please do, an osclóidh mé na litreacha seo? -- Oscail, le do thoil.
Bill due on 1st May, bille atá iníoctha, a bhfuil a ré istigh, ar an 1ú Bealtaine.
Do your duty come what may, déan do dhualgas, cibé rud á tharlóidh.
He may be excused for laughing, ní thógfaí air gáire a dhéanamh.
As one might expect, mar a bheadh súil leis.
For all the use he is he might as well go, ar scáth a bhfuil de mhaith ann bheadh sé chomh maith dhó imeacht.
From his looks you might suppose that . . ., ar a dhealramh thuigfí dhuit go . . .
F: You may gamble on that, d'fhéadfá bheith cinnte de sin.
Might went before right, bhuaigh an neart ar an gceart.
Much good may it do you! nár thé sé ar bláth ná ar biseach duit! a chonách sin ort!
I grant that you may be right, ní dheirim nach bhfuil an ceart agat.
You may take it for granted that.. ., beir leat go . . .
If you have finished your work, you may go out, má tá do chuid oibre críochnaithe agat, féadfaidh tú dul amach.
The big fair is held in May, faoi Bhealtaine a bhíos an t-aonach mór ann.
I only hope that you may get it! tá súil agam go bhfaighidh tú é!
However he may do it, cibé ar bith mar a dhéanfas sé é; cibé cuma ina ndéanfaidh sé é.
However that may be, bíodh sin mar atá.
However artful she may be, dá chleasaí i; is cuma cad é chomh cleasach léi.
As may (well) be imagined, rud nach deacair a shamhlú.
In May, faoi Bhealtaine, i mí na Bealtaine.
One may indeed say so, leoga is focal fíor é.
I may indeed be wrong, ar ndóigh b'fhéidir nach bhfuil an ceart agam.
As an instance of his honesty I may mention . . ., mar fhianaise lena ionracas d'fhéadfainn a rá . . .
You may keep the book I lent you, féadfaidh tú an leabhar a thug mé ar iasacht duit a choimeád.
It is the least he might do, is é is lú is gann dó.
That is the least you might do, sin é is lú is gann duit a dhéanamh.
You may leave us, féadann tú imeacht.
People may say what they like . . ., is cuma céard a déarfas daoine . . .
May I have the loan of your horse? an dtabharfá iasacht do chapaill, tamall de do chapall, dom?
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht