Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: moccasin · occasional · occlusion · ocsaton · caoin
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh occasion »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
occasion1, s. 1 Cúis f, ábhar m. You have no occasion to be alarmed, níl ábhar eagla ar bith agat. I have no occasion for his help. níl call lena chúnamh agam. To give occasion for scandal, bheith i do shiocair, ócáid, scannail. There's no occasion to crow, níl ábhar maíte ar bith ann Should the occasion arise, má bhíonn sé i gceist 2 pl. To go about one's lawful occasions, bheith i bhfeighil do chuid gnóthaí dlisteanacha. 3 Ócáid f, tráth m -a, uair f. On the occasion of his marriage, an uair a pósadh é. On one occasion, aon uair amháin. On several occasions, go minic. On such an occasion, ar a leithéid d'ócáid. On occasion, anois agus arís. As occasion requires, de réir mar is gá. Play written for the occasion, dráma a scríobhadh faoi choinne na hócáide. we’ll make this an occasion, nach lá dár saol é! 4 (Opportunity) Faill f, deis f. To take occasion to do sth., breith ar an bhfaill le rud a dhéanamh; an deis a thapú le rud a dhéanamh.
occasion2, v.tr. Táim i mo chúis, i mo chionsiocair, le; is mé is cúis, bun, le; tarraingím (achrann).
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He adapted his language to the occasion, chuir sé a chuid cainte leis an ócáid.
Should the occasion arise . . ., sa chás sin ...
Becoming to the occasion, mar is cuí don ócáid.
To improve the occasion, the shining hour, leas a bhaint as an bhfaill; an deis a thapú.
On a later occasion, ar ócáid ina dhiaidh sin.
If a good occasion for it offers, má thagann an áiméar air; má bhíonn faill air.
On that occasion, an uair sin.
For a week preceding this occasion, le seachtain roimh an ócáid seo.
As occasion shall require, faoi mar is gá é.
F: To rise to the occasion, bheith inchurtha leis an ócáid.
When occasion serves, ar faill; nuair a thiocfaidh an fhaill.
Should the occasion arise, should it so happen, dá mb'amhlaidh a bheadh; dá dtarlódh amhlaidh.
Suitable to the occasion, ag cur leis an ócáid.
Unsuitable to the occasion, gan a bheith ag cur leis an ócáid; míthráthúil.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht