Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ac · ache · acht · acu · agh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
ach cón & rfh (déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cuntas giorraithe agus gan tugtha ach na príomhphointí
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
ainmhí cosúil le crogall ach go bhfuil pus níos leithne air
focal molta do Dhia ach a deirtear uaireanta le hionadh nó le díomá
aon rud beo (ach amháin planda) a bhfuil mothú agus cumas gluaiseachta ann; aon bheithíoch ceathairchosach
ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige)
duine a dhéanann rud le taitneamh dó agus ní ar airgead, duine gan mórán cleachtaidh ar rud ach ar breá leis a bheith ag gabháil dó
cé is moite (de), taobh amuigh de, seachas (ach amháin an ceann seo)
cé is moite de, ach amháin
is ar éigin (níl ann ach go n-aithním iad)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
gnás nach gceadaíonn ach aon chéile amháin a bheith ag duine san aon am amháin
ar dhath an tsneachta nó an bhainne; fionn (gruaig bhán); báiteach (bán san aghaidh); folamh (tá an áit bán); díomhaoin, fiáin (ag imeacht bán); gan aon bharr ag fás air ach féar (talamh bán)
ach sa bheag, nach mór (beagnach céad ceann; iad go léir beagnach)
beannaíocht bhréige nach dtagann ach ó bhéal
duine nach bhfuil glacadh aige le haon dearcadh ach a dhearcadh féin
gaireas a bhfuil cuma gan dochar air ach a phléascann má bhaintear leis
labhairt i gcaoi go síltear nach ón gcainteoir féin atá an chaint ag teacht ach ó phuipéad, etc.
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
hata bog gan duilleog ach a bhfuil bos nó píce air; barr, buaic (caipín uibhe, caipín toinne)
sráid nach bhfuil ach béal amháin uirthi
ach amháin, taobh amuigh (de) (cé is moite díom féin)
creatlach; duine nó ainmhí gan ann ach na cnámha; conablach
moll ard talún ach é níos ísle ná sliabh
ceart, cothrom (níl ceart ná cóir aige); cion nó sciar ceart (níor ith sé ach a chóir); freastal ceart (chuir sé cóir mhaith orm; cóir leighis a chur ar dhuine); bail cheart (tá gach ní i gcóir againn); feisteas nó fearas ceart (cóir oibre, cóir thaistil); gaoth fhabhrach (seoladh le cóir ghaoithe)
gléas ceoil atá cosúil le troimpéad ach é níos caoile as a bharr
marc (comhartha cluaise, comhartha ceiste); nod a thugann rud le fios (rinne sé comhartha dom); tuar a léiríonn rud atá le teacht (comhartha fearthainne); rian, cosúlacht (comhartha scine; ní bhfuair sé ach comhartha); aird, ceann (ná tóg aon chomhartha de); fógra, méar eolais (comharthaí bóthair); rian aitheantais (comharthaí aithne, comharthaí sóirt)
stát ina bhfuil rialtais ar leith freagrach do na réigiúin éagsúla ach rialtas amháin os a gcionn freagrach don stát uile
aontas stát nó náisiún a ritheann a ngnóthaí baile féin ach a ghníomhaíonn le chéile i gcúrsaí náisiúnta nó idirnáisiúnta (Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar shampla); comhcheangal
ceangal, nasc, focal a cheanglaíonn dhá abairt nó dhá fhocal le chéile (ach agus agus, mar shampla)
iasc sliogánach cosúil le gliomach ach é a bheith dearg
is cúis le (ní mise faoi deara é ach Seán)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear (in ionad sé) i ndiaidh na copaile nó sa chuspóireach (duine mar é; gan é sin; is é Seán é; déan é sin); (le haimsir, am, spás)(ach gan é a bheith ag báisteach)
mír fhaisnéiseach a úsáidtear leis an gcopail (bean is ea í; tá a fhios agam nach ea; ní hea, ach is ea a chaill mé é)
árthach sciathánach atá níos troime ná an t-aer ach ar féidir léi eitilt
tabhairt faoi deara, tógáil ruda isteach leis na súile (ní fhaca sé mé ach chonaic mé é); aithint, meas (fan anois go bhfeicfidh mé); labhairt le (caithfidh mé tú a fheiceáil); cuardach (tháinig sé do m'fheiceáil); dealramh (do)(chonacthas dom nach raibh)
feithid chealgach ar dhéanamh na beiche ach í an-chaol as a coim
gabhlóg, uirlis a bhfuil lámh agus beanna uirthi, a úsáidtear chun bia a phiocadh suas; uirlis cosúil léi, ach í níos mó, a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta, píce
go fóill, le teacht (tá sé luath fós, déanfaidh sé fós é); arís, chomh maith leis sin (agus ceann eile fós, níos deise fós); mar sin féin (ach fós, ní hé féin a dúirt é)
foirm bheag bhídeach den bheatha phlandúil nó ainmhíoch nach féidir a fheiceáil ach faoi mhicreascóp (Cothaíonn frídíní áirithe galar)
gadhar rása cosúil le cú, ach é a bheith níos lú
cheal, in éagmais, in easnamh, de dhíth (gan airgead, gan chosaint, gan déanamh, gan an t-am agam, gan mo chead, gan focal as); i dtaobh le (gan agam ach iad); (leis an diúltach) (dúirt sé liom gan teacht)
aer ag gluaiseacht; aer ag séideadh go láidir, stoirm (gaoth mhór); gás sna putóga; caint áibhéalach bhladhmannach (níl ina chuid cainte ach gaoth); leid, siolla (gaoth an fhocail a fháil); aer (beo ar an ngaoth; cuir gaoth sa lamhnán)
éan snámha cosúil le lacha, ach é níos mó, a choinnítear mar éan clóis (Tá géanna fiáine ann freisin)
nach bhfeiceann go soiléir ach rudaí atá in aice láimhe
scéal scríofa a bhfuil lántéama ann ach atá gairid le taobh úrscéil
gléas daingnithe láidir do dhoras nó do gheata nach féidir a oscailt ach le heochair; greim docht iomrascála
bláth gairdín cosúil le sailchuach ach dathanna éagsúla air
cluiche foirne, cosúil le hiománaíocht, ach an bata a bheith níos caoile as a bharr ná an camán
mír a thagraíonn d'ainmfhocail san iolra agus a úsáidtear (in aonad siad) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (ní hiadsan iad; briseadh iad; daoine mar iad; níl agam ach iad)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht