Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bat · bra · bract · brata · brath
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
brat fir1 clóca scaoilte gan muinchillí; clúdach d'uige thiubh éadaigh (brat urláir, brat staighre); clúdach ar bith (brat sneachta, brat allais)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
brat tiubh olla ar leaba chun teasa
brat cúir ar an uisce san áit a mbriseann tonn
brat bog fite tiubh urláir
cearnóg bheag éadaigh le cuimilt den tsrón nó de na súile; brat cinn nó brád
craiceann crainn; dath coirte, crón; brat salachair; screamh (fágann tae coirt ar chupaí)
ball éadaigh seachtrach le muinchillí; éide sagairt; brat (cóta péinte, cóta tarra)
an craiceann crua ar chíste, screamh; brat crua (crústa seaca); caitheamh, buille (crústa de chloch, de dhorn)
brat éadaigh crochta ar fhuinneog nó ar bhéal stáitse
ábhar fite a ndéantar cultacha agus brait as; seolta báid (long faoi iomlán éadaigh)
thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi)
faoi bhrat féir
brat (ar nós seál, fallaing etc.)
ainmhí beag oíche agus brat deilgneach uirthi
breith nó tabhairt ó áit go háit eile (ualach a iompar; píopa ag iompar uisce); caitheamh, tabhairt leat (brat a iompar; ag iompar seoil, ag iompar clainne); coinneáil suas (ballaí ag iompar dín); fulaingt (crá croí a iompar); coinneáil (tá iompar ar dheoch aige); múineadh, béasa (tú féin a iompar i gcomhluadar)
tógáil anuas (brat, fuinneog, a ísliú); teacht anuas (ísliú de chapall); titim (ísliú luacha, céime, gutha); dul i laige (tine ag ísliú; fearg ag ísliú)
bail an ruda atá leathan, leithne; chomh leathan agus atá rud (dhá throigh ar leithead); achar nó spás áirithe (leithead tíre); brat, clúdach, éadaigh; mórchúis, mustar (fear leithid)
brat nó clúdach laistigh (ar chóta, bosca etc.)
brat olla caorach, mothall gruaige
brat beag urláir (Usáidtear mataí beaga ar bhoird faoi phlátaí freisin)
brat tiubh gruaige nó fionnaidh
an brat tiubh teolaí clúimh a fhásann ar chaora (éadach olla); mothall gruaige; aon ábhar éadrom lomrach cosúil le holann (olann chruach)
gréasán ornáideach, mar a bhíonn ar bhrat urláir nó ar pháipéar balla; sampla, eiseamláir (patrún a thógáil le duine); sampla le cóipeáil (patrún gúna)
píosa miotail amháin a chlúdach le brat de mhiotal eile, nicil nó airgead mar shampla
mata trom urláir; brat trom le cur thart ort
brat fillte; filléad
brat éadrom tanaí (sceo beag ime, cré, uisce)
fód talún agus é bainte; sraith; brat (scraith féir); rais, bruth
coirt, carr, brat éadrom (screamh ar bharr bainne, ar theanga, ar chraiceann)
díobháil uafásach, ár, creach; scamhachán (scrios ingne); sceo, brat (cuir scrios beag cré ar an iomaire)
brat luaithrigh; ball lasta (ar chraiceann); rian salachair, smearadh; iarsma (Muire gan smál); scamall, scailp; duairceas; náire, mí-ádh (smál ar do chlú)
brat stáin a chur ar mhiotal; pacáil i stáin (feoil stánaithe)
brat ornáideach lámhdhéanta do bhallaí, do chathaoireacha etc.
aibíd, brat fillte don mharbh
ola éisc; brat olúil salach
Creidim ionat
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht