Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: í · di · hi · ia · id
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
i rfh mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
mír choibhneasta dhíreach (an té a chuireann an síol; an cat a d'ól an bainne; an síol a cuireadh san earrach); mír choibhneasta indíreach (an gort a gcuirtear an síol ann; an té a n-óltar a shláinte)
an méid atá, a bhí etc. (sin a bhfuil ann; d'imigh a raibh i láthair)
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
duine atá i bhfad níos lú ná an gnáthdhuine
sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
leaba iomartha i ngunail báid
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
iarratas ar athéisteacht i gcúis dlí
casta ar a chéile, in aimhréidh, i bhfostú
acht a rith, cur i bhfeidhm mar dhlí
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
rud a bhfuil nuacht mhór ann; a mhór mar a dhéanfaí de dhuine
a rá amach go hoscailte; bheith sásta a rá gur mar sin atá; nóta á rá go bhfuair tú nó gur íoc tú as rud éigin; faoistin a dhéanamh i gcoir
faireog mhór sa chorp agus leacht searbh inti a ghlanann an fhuil
a bhfuil aer breá ann; éadrom sa chroí agus san aigne; giodamach
imshruthú aeir i seomra etc.; triomú go maith le haer te
stopadh srutha i bpíopa nó i gcaidéal trí aer a ligean isteach ann
rialú ar ghlaine agus ar theas an aeir i bhfoirgneamh nó i ngléas taistil
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
i gcoinne; i gcúiteamh ar
i gcomhair, faoi choinne
duine a chreideann nach féidir a chruthú go bhfuil Dia ann
na litreacha ar fad a úsáidtear i dteanga agus iad in ord speisialta
fráma ar bhalla le huirlisí a choinneáil ann
an t-oifigeach is airde céim i gcabhlach
gléas leis an neart i sruth leictreachais a thomhas
duine nach gcreideann i gCríost; duine gan Chríostúlacht
duine a chreideann nach bhfuil Dia ann
neamhchreideamh i nDia
aon rud beo (ach amháin planda) a bhfuil mothú agus cumas gluaiseachta ann; aon bheithíoch ceathairchosach
míriail, easpa rialach nó smachta; easpa rialaithe i dtír
(le galar, tinneas) i ngreim (chuaigh an slaghdán in ainseal air)
an bád sa Bhíobla a shábháil Naoi agus a theaghlach agus na hainmhithe a bhí inti ó bhá sa Díle
i do sheasamh cruinn díreach agus do lámha le do thaobh agat mar a bhíonn saighdiúir
comhaireamh, cuntas (rud a chur san áireamh); uimhríocht; uimhir nó suim (áireamh daoine); cur i gcuntas (ní áirím thusa; ag áireamh na mblianta)
duine a fhéachann i ndiaidh an airgid i mbanc nó i siopa nó in oifig
amhrán aonair i gceoldráma
i ndán do (an rud atá in áirithe do dhuine); fágtha le haghaidh (tá an t-airgead sin in áirithe don chíos; chuireamar suíocháin in áirithe dúinn féin)
i mbéal báis
le taobh, i gcomórtas le
radharc a d'fheicfeá i mbrionglóid, fís; dán físe
duine a ghlacann páirt i ndráma nó i scannán
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
in ionad (tháinig sé i m'áit)
duine a dhéanann aithrí i bpeaca
sealbhú (áitribh etc.); díriú ar (obair etc.); aighneas, argóint; cur i bhfeidhm in argóint (rud a áitiú ar dhuine)
an méid rudaí óga a bheireann ainmhí in éineacht (ál banbh); an méid éan óg a thagann amach in éineacht i nead (ál sicíní)
leabhar a gcoinnítear stampaí, grianghraif, etc. le chéile ann
substaint, ar nós sóid loiscneach nó potais, atá i gcontráil cheimiceach le haigéad agus neodraíonn siad a chéile nuair a mheasctar iad
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht