SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
an lá den bhliain a rugadh duine, nó cuimhne an lae sin
pointe ama, am áirithe; cás nó teagmhas áirithe (rugadh air san ócáid); cúis, leithscéal (ócáid scannail); gnó, cúram (an ócáid a thug ann mé); feidhm, críoch (níl aon ócáid agam leis; rud a chur ó ócáid)