creid, v.t. & i. (vn. ~iúint). Believe. 1. (With i, in) (a) Believe in existence of. ~im i nDia, I believe in God. Má chreideann tú i míorúiltí, if you believe in miracles. Nuair nach gcreideann sé i dtaibhsí, since he does not believe in ghosts. (b) Have faith, trust, in. Chreid siad san urnaí, they believed in prayer. ~eann sí sna luibheanna, she believes in (the efficacy of) herbs. Ní chreidim san fhear sin, I have no faith in that man. 2. Give credence to. ~im sin, I believe that. ~ uaim gur fíor é, believe me it is true. ~ uaimse é; ~ mise ann, leis; ~ mé duit ann, you may take it from me. ~ mise (go), I tell you (that). Ní chreidfeá choíche é, one would never believe it. Is deacair a chreidiúint (go), it is hard to believe (that). Ní chreidfeá ach an t-áthas a bhí air, you can’t think how glad he was. Ní chreidfeá ach chomh hard leis, he is incredibly tall. Ní chreidfinn an lá geal uaidh, I wouldn’t believe anything he might say. 3. Suppose. ~im go bhfuil an ceart agat, I suppose you are right. ~im gur agat is fearr a fhios, I suppose you know best. Tá deifir ort, ~im, you are in a hurry, I suppose. Tá, ~im, yes, I suppose.