Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: sliacht · saíocht · slaicht · slócht · smíocht
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
sliocht, m. (gs. & pl. sleachta). 1. Mark, trace, track. ~ cos, track of feet. ~ a mhéar, his finger-marks. Ar shliocht ruda, in the track of, following, as a result of, sth. Tá a shliocht air, ‘signs on it’, it is borne out by the result. Bhí a shliocht orthu, d’éirigh an saol leo, the result was apparent, they got on well in life. Beidh a shliocht ort, múinfidh an saol thú, in consequence of that life will teach you a lesson. 2. Offspring, progeny; line, posterity. ~ a sleachta, their children’s children. Ní raibh ~ orthu, they had no issue. Thit an oidhreacht ar a shliocht, the inheritance fell to his descendants. Duine dá shliocht, one of his breed. Ní raibh aon fhear meata ar a shliocht, no man of his stock was a coward. 3. Passage, tract; extract. ~ as leabhar, extract from a book. Lit:Sleachta suadh, learned tracts.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Síol, sliocht, Ádhaimh, Adam’s descendants, the human race.
4. ~ sampla, ~ ar shliocht, fool of a family, of a community.
An sliocht seo i mo dhiaidh, the following extract (from what I am reading).
A n-iarsmaí nó a sliocht, their survivors or descendants.
Tháinig sliocht mór orthu, they had many descendants.
~íodh an sliocht sin ón Laidin, that extract was taken from Latin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht