bad. Ia.Olc, dona, droch-. 1a (Inferior) Bad food, drochbhia m. Bad meat, feoil f lofa. Bad money, airgead m bréige. Bad debt, drochfhiacha mpl. (Of meat) To go bad, lobhadh, fíniú a dhéanamh. b (Incorrect) Bad translation, aistriú m lochtach. Bad English, Béarla briste. Bad shot, urchar m iomrallach. He is bad at fishing, níl aon mhaith leis ag iascach. It's not bad, not so bad, it isn't half bad, dheamhan a bhfuil basctha dó, níl locht air. c (Unfortunate) It's a bad business, a bad job, is bocht an scéal é. It wouldn't have been so bad but . . ., níor chás é ach... To be in a bad plight, a bad way, a bheith in anchaoi, a bheith in umar na haimiléise; (of health) a bheith cloíte go maith. He will come to a bad end, beidh drochdheireadh air. He has a bad name, tá droch-cháil air. It would not be a bad thing, a bad plan to..., níor mhiste ... He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach. dJur: Bad claim, éileamh gan bhunús. This is bad history, stair bhréagach é seo. eWord taken in a bad sense, focal ar baineadh brí tháinsimh, tharcaisneach, as. 2a (Wicked) Bad man, drochfhear m, anduine m. Bad book, drochleabhar m. Bad life, drochshaol m. Don't call people bad names, na cuir míchlú ar dhaoine. They're a bad lot, is mallaithe an dream iad. P: He's a bad egg, bithiúnach m é. b (Unpleasant) Bad news, drochscéala mpl. Bad smell, boladh bréan. A bad cold, drochshlaghdán m. They are on bad terms, níl siad ag tarraingt le chéile. It is very bad of you . . ., is olc uait . . ., is olc an mhaise dhuit . . . That's too bad! tá sin dona go leor!is é an trua é!cBad accident, drochthimpiste f. Bad mistake, dearmad mór. It is bad for the heart, tá sé go dona ag an gcroí. d (Ill, diseased) She is very bad to-day, tá sí go han-dona inniu. I feel bad, tá mé ag aireachtáil go dona. He has a bad leg, tá cos thinn, cos bhocht, aige. Bad heart, croí m lag. I'm not so bad, níl cailleadh ar bith orm. P: She took bad, was taken bad, bhuail taom í. ►badly, adv.1Go holc, go dona. He did, came off, badly, ní go maith a d'éirigh leis. He's doing badly, níl ag éirí go maith leis, níl ag éirí leis. I came off badly in that affair, ní raibh mórán dá bharr sin agam. Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí. They treated him badly, chaith siad leis go dona. He took it very badly, ghoill sé go mór air, ghlac sé go holc é. (Of machine, etc.) It's working badly, is dona tá sé ag oibriú. 2Badly hurt, gortaithe go mór. They were badly beaten, buaileadh go trom iad. 3They want it badly, teastaíonn sé go géar uathu. II►bad, s.aYou must take the bad with the good, caithfidh tú glacadh leis an saol mar gheobhas tú é (bíodh sé maith nó olc), b (Of persons) He went to the bad, chuaigh sé chun drabhláis, d'imigh an diabhal air. cI'm fifty pounds to the bad as a result of it, tá mé leathchéad punt thíos leis.