Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bád · ad · ba · bab · bac
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh bad »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
bad. I a. Olc, dona, droch-. 1 a (Inferior) Bad food, drochbhia m. Bad meat, feoil f lofa. Bad money, airgead m bréige. Bad debt, drochfhiacha mpl. (Of meat) To go bad, lobhadh, fíniú a dhéanamh. b (Incorrect) Bad translation, aistriú m lochtach. Bad English, Béarla briste. Bad shot, urchar m iomrallach. He is bad at fishing, níl aon mhaith leis ag iascach. It's not bad, not so bad, it isn't half bad, dheamhan a bhfuil basctha dó, níl locht air. c (Unfortunate) It's a bad business, a bad job, is bocht an scéal é. It wouldn't have been so bad but . . ., níor chás é ach... To be in a bad plight, a bad way, a bheith in anchaoi, a bheith in umar na haimiléise; (of health) a bheith cloíte go maith. He will come to a bad end, beidh drochdheireadh air. He has a bad name, tá droch-cháil air. It would not be a bad thing, a bad plan to..., níor mhiste ... He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach. d Jur: Bad claim, éileamh gan bhunús. This is bad history, stair bhréagach é seo. e Word taken in a bad sense, focal ar baineadh brí tháinsimh, tharcaisneach, as. 2 a (Wicked) Bad man, drochfhear m, anduine m. Bad book, drochleabhar m. Bad life, drochshaol m. Don't call people bad names, na cuir míchlú ar dhaoine. They're a bad lot, is mallaithe an dream iad. P: He's a bad egg, bithiúnach m é. b (Unpleasant) Bad news, drochscéala mpl. Bad smell, boladh bréan. A bad cold, drochshlaghdán m. They are on bad terms, níl siad ag tarraingt le chéile. It is very bad of you . . ., is olc uait . . ., is olc an mhaise dhuit . . . That's too bad! tá sin dona go leor! is é an trua é! c Bad accident, drochthimpiste f. Bad mistake, dearmad mór. It is bad for the heart, tá sé go dona ag an gcroí. d (Ill, diseased) She is very bad to-day, tá sí go han-dona inniu. I feel bad, tá mé ag aireachtáil go dona. He has a bad leg, tá cos thinn, cos bhocht, aige. Bad heart, croí m lag. I'm not so bad, níl cailleadh ar bith orm. P: She took bad, was taken bad, bhuail taom í.   badly, adv. 1 Go holc, go dona. He did, came off, badly, ní go maith a d'éirigh leis. He's doing badly, níl ag éirí go maith leis, níl ag éirí leis. I came off badly in that affair, ní raibh mórán dá bharr sin agam. Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí. They treated him badly, chaith siad leis go dona. He took it very badly, ghoill sé go mór air, ghlac sé go holc é. (Of machine, etc.) It's working badly, is dona tá sé ag oibriú. 2 Badly hurt, gortaithe go mór. They were badly beaten, buaileadh go trom iad. 3 They want it badly, teastaíonn sé go géar uathu. II   bad, s. a You must take the bad with the good, caithfidh tú glacadh leis an saol mar gheobhas tú é (bíodh sé maith nó olc), b (Of persons) He went to the bad, chuaigh sé chun drabhláis, d'imigh an diabhal air. c I'm fifty pounds to the bad as a result of it, tá mé leathchéad punt thíos leis.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The country is admittedly in a bad way, admhaíonn cách go bhfuil drochbhail ar an tír.
He gave me good, bad, advice, thug sé comhairle mo leasa, m'aimhleasa, dom.
He is not all bad, ní drochdhuine ar fad é.
All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é.
To allow for bad weather, an drochaimsir a chur san áireamh.
To alter sth. for the worse, athrú chun olcais a chur ar rud.
To alter for the worse, dul chun donachta.
She's not bad-looking, tá sí sách dathúil.
He got the worst of the bargain, is air a chuaigh meath an mhargaidh.
F: His bark is worse than his bite, is troime a bhagairt ná a bhuille.
It is a bad day, is dona an lá é.
It is bad, is dona é. S.a. BE 2 (g).
It is good, bad, fine, etc., tá sé go maith, go dona, go breá, etc.
He became worse, better, chuaigh sé chun donachta, chun feabhais.
To make the best of a bad job, of a bad bargain, an chuma is fearr a chur ar dhrochmhargadh.
He is bad, and she is no better, tá seisean go holc, is ní taise di sin.
To do sth. for better or worse, rud a dhéanamh, maith olc an lorg a bheas (bheadh) air.
To take s.o. for better or worse, glacadh le duine le maith nó le holc.
There is bad blood, ill blood, between them, tá seandíoltas acu dá chéile.
I am in his bad books, tá fiamh aige liom, tá an cat crochta romham aige.
At bottom he's not a bad fellow, ní drochdhuine é ina chroí.
To break s.o. of a bad habit, duine a bhaint as droch-chleachtadh, duine a chur ó dhroch-chleachtadh.
To have a bad breath, anáil bhréan a bheith agat.
It is a bad, a sorry, business, is bocht an scéal é.
A change for the worse, iompú donachta.
A man of bad character, fear a bhfuil drochcháil air.
A bad character, drochdhuine m.
A bad colour, mílí f.
Avoid bad company, seachain droch-chomhluadar, cuideachta dhrochshamplach.
(Of livestock) They are in good, bad, condition, tá ordú maith, droch-ordú, orthu.
Confusion worse confounded, barr ar an mearbhall.
It is not so bad considering, níl sé ródhona i dtaca le holc.
To put a good, bad, construction on s.o.'s words, dea-, droch-chiall a bhaint as caint duine.
Bad debts, drochfhiacha, seanfhiacha.
adv.What deuced bad luck! cad é mar mhí-ádh!
To discern good from bad, an mhaith a aithint thar an olc.
To be in drink, the worse for drink, under the influence of drink, bheith óltach, bheith ar meisce, braon sa choiricín a bheith agat.
It had a bad effect on him, is dona a chuaigh sé dó.
A bad egg, (i) ubh lofa; ubh ghlugair; (ii) P: cladhaire m.
He came to a bad end, rug droch-chríoch air.
Equally bad, chomh dona céanna.
That would be even worse, ba mheasa fós é sin.
He is as bad as ever, tá sé chomh dona is bhí sé riamh.
Extremely bad, rídhona.
To put a good, a brave, face on a bad business, dea-dhealramh a chur ar drochghnó.
Bad faith, feall m.
Bad fare, drochbheatha.
It is not good form, it is bad form, ní hé nós na cuideachta é.
He is in bad form, níl sé istigh leis féin.
He cannot distinguish the good from the bad, ní aithníonn sé idir an mhaith agus an t-olc.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht