cluas, f. (gs. -aise, npl. ~a, gpl. ~). 1. Ear. ~ eachtrach, inmheánach, láir, outer, inner, middle, ear. ~ a chur ort féin, to prick one’s ears, to listen. ~ le héisteacht, attentive ear. Tá ~ ghéar, ~ easóige, aige, he has sharp ears. ~ do cheol, an ear for music. ~ a thabhairt do rud, to give ear, listen, to sth. Thug sé an chluas bhodhar, éisteacht na cluaise bodhaire, dom, he turned a deaf ear to me. Cluinfidh sé ar an g~ is bodhaire aige é, it cannot escape his ears. Tá mo chluasa bodhar aige, it is being dinned into my ears; I am tired listening to him, to it. Mo dhá chluas a chuala é, I heard it with my own two ears. Tá sé i mo chluasa go fóill, it is still ringing in my ears. Lig thar do chluasa é, pay no attention to it. Lig sé isteach ar chluas agus amach ar chluas, ar an g~ eile, é, he let it in one ear and out the other. Cogar i g~, a whisper in one’s ear. Ná cuir i gcluasa an tsaoil é, don’t bring it to everybody’s ears, broadcast it. Chuaigh sé i gcluasa an tsagairt, the priest got wind of it. Bíonn ~a ar na claíocha, ar an gcoill, walls have ears. Ná codail ar an g~ sin, don’t content yourself with that version of the story, don’t delude yourself. ~a duine a líonadh; lán na g~ a thabhairt do dhuine, to fill s.o.’s ears with idle talk. Dhéanfadh sé nead i do chluas, he would gull you, make you believe anything. Ar do chluas, ar chraiceann do chluaise, ná déan é, don’t do it or you will bring a storm about your ears. Mura fíor é bain an chluas díomsa, bain barr na cluaise díom, you may take it from me that it is true. Cá bhfuil do chluasa? Cá raibh tú aimsir na g~? What’s wrong with your ears? Are you deaf? Dul ar an g~, (of child) to be overcome with sleep. S.a. clár15. 2. Ear-shaped object; lug, handle; cleat; tab. ~ cupáin, pota, tobáin, handle of cup, pot, tub. ~ spáide, tread of spade. ~ tuirne, spindle-holder. ~ caipín, lug of cap. ~ bróige, tag of shoe. ~ maide rámha, cleat of oar. 3. Corner, margin. ~ lín, corner of net. I g~ na coille, in the margin of the wood. I gcluasa an bhaile mhóir, in the suburbs. 4. Bot:~ chaoin, cuckoo-pint. ~ liath, mouse-ear hawkweed. ~ luchóige, mouse-ear chickweed.
Chomh ~ is atá tú beo, grian ar an aer, méara ort, cluas ar do leiceann, gob ar phréachán, púdar i nDoire, an Cháisc ar an Domhnach! As sure as anything!