craiceann, m. (gs. -cinn, pl. -cne).1. Skin. ~ duine, ainmhí, human, animal, skin. ~ úill, oráiste, apple, orange, skin. ~ cáise, cheese rind. ~ caorach, sheepskin. Craicne prátaí, potato peelings. ~ an chinn, scalp. ~ ar chneá, skin, cicatrice, on wound. Geal, dubh, sa chraiceann, clear-, dark-, skinned. Fliuch go ~, wet to the skin. Bheith i do chraiceann, to be in one’s pelt. Bhí sé ina chraiceann dearg, he was stark naked. An ~ a bhaint de rud, to skin sth. Ná bain an ~ díom, don’t flay me with your tongue. An ~ a chur, to shed skin. Prov:Is iomaí ~ a chuireas an óige di, a young person goes through many phases. Bheith as do chraiceann, to be beside oneself with anger. Léim, chuaigh, sé as a chraiceann, he jumped out of his skin, went wild with rage. Dá gcuirfeá an taobh dearg de do chraiceann amach, no matter how much you may rave and storm. An ~ a théamh ag duine, to make s.o. sweat; to beat, work, s.o. hard. B’éigean dó fuarú sa chraiceann ar théigh sé ann, he had to cool down of his own accord. Bheith ar crith i do chraiceann, to be quaking with fear. Bhí eagla a chraicinn air romhainn, he was in mortal fear of us. Ar do chraiceann, ar chraiceann do chluaise, ná déan é, on your life don’t do it. D’imigh sé an méid a bhí ina chraiceann, he made off as fast as he could. An ~ is a luach a bheith agat, to have it both ways. Is réidh stiall de chraiceann duine eile agaibh, you have little regard for other people’s character. Ag teacht chun craicinn, (of animal) getting sleek. Níl iompar a chraicinn ann, he is weak and limp. Tá lán a chraicinn fós ann, he is still a full-bodied, robust, man. S.a. bog21 (d), coirt11(b).2. Surface. ~ uisce, toinne, talún, surface of water, of wave, of land. I g~ an uisce, beneath the surface of the water, awash. Tá ~ ar an bhfarraige, the sea is smooth. An ~ a bhaint den chréafóg, to remove the surface sod from the clay. 3. Finish, polish. (a)~ a chur ar rud, to give a proper finish to sth. Tá ~ ar an obair agat, you have given the work a finished appearance. Tá ~ na fírinne air, it rings true. Chuir sé ~ ar an scéal, he polished the story; he made the story sound plausible. Is furasta ~ a chur ar scéal, ar laoi, dó, he is easily imposed upon. Scéal gan chraiceann, badly-told, improbable, story. (b)~ a chur ar phunt, to get a pound together. 4. F:Bualadh, déanamh, craicinn, sexual intercourse. ~ gan choinníoll, loose, faithless, person. 5. ~ circe, gé, gooseflesh.