make1, s.1aDéanamh m (ball éadaigh). bCom: Ind: Cineál m, saghas m. Of Irish make, de dhéantús Éireannach. 2Cruth m -a, déanamh m. Man of slight make, fear beag éadrom; geataire m. 3F: He is on the make, ag obair dó féin atá sé; ag iarraidh dul ar an mbreis atá sé. 4El.E: Slánú m (ciorcaid).
make2 .Iv.tr.1Déanaim (teach, culaith éadaigh, etc.). You are made for this work, le haghaidh na hoibre seo a rugadh thú. He's as cute as they make ’em, tá sé chomh glic lena bhfaca tú riamh. Bread is made of corn, d'arbhar a dhéantar arán. What is it made of?cad de ar rinneadh é? cad é an mianach atá ann?To make a friend of s.o., ceangal m cairdeasa a dhéanamh le duine. I don't know what to make of it, I can make nothing of it, ní fhaighim bun ná barr air; ní fhaighim meabhair ar bith air. That showed what he was made of, thaispeán sin cén mianach a bhí ann. To make a will, uacht m a dhéanamh. Fin: To make a promissory note, a bill of exchange, bille m gealltanais, bille malairte, a dhéanamh amach. To make the bed, an leaba a chóiriú. To make the tea, an tae a dhéanamh, a fhliuchadh. Cards: To make the cards, na cártaí a shuaitheadh. Ta make trouble, callóid a chothú. To make a noise, fothram m a dhéanamh. To make peace, síocháin f a dhéanamh. To make an opportunity for s.o. to do sth., caoi a sholáthar, a chur ar fáil, do dhuine le rud a dhéanamh. To make a speech, óráid f a dhéanamh. To make a mistake, dearmad m a dhéanamh. To make war, cogadh a chur ar siúl, a chothú. To make one's escape, éalú. We made the whole distance in ten days, chuireamar an tslí uile dínn deich lá. 2El: To make the circuit, an ciorcad a shlánú. This makes the tenth time, seo é an deichiú huair. Two and two make four, a dó agus a dó sin a ceathair. This book makes pleasant reading, is taitneamhach an t-ábhar léite an leabhar seo; is deas an léitheoireacht atá sa leabhar seo. He made a good husband, rinne sé ceann maith dá bhean. Will you make one of the party?an mbeidh tú linn?3To make three pounds a week, trí phunt sa tseachtain a shaothrú. To make a fortune, one's fortune, saibhreas m a chnuasach. To make a bit, beagán airgid a dhéanamh. To make a name, cáil a bhaint amach. To make profit, sochar m a dhéanamh. What will you make by it?cén sochar a bheas agat air? cé mhéad a bheas tú buaite ann?Cards: To make a trick, cúig a thógáil; beart a ghnóthú. Abs: (Of cards) To make, beart a ghnóthú. F: He won't make it, ní éireoidh leis. 4This book made him, an leabhar seo a chuir ar a bhoinn é. 5Pred: To make s.o. happy, hungry, sleepy, áthas m, ocras m, codladh m, a chur ar dhuine. To make a box too heavy, barraíocht meáchain a chur i mbosca. To make a dish hot, mias f a théamh. To make s.o. a judge, breitheamh m a dhéanamh de dhuine. He was made a knight, rinneadh ridire de. Ta make sth. known, understood, rud a chur in iúl, i dtuiscint. I was trying to make myself heard, bhí mé ag iarraidh labhairt sa chaoi go gcloisfí mé. I made myself comfortable, chuireas mé féin ar mo sháimhín só. He made himself ill, rinne sé é féin tinn; chuir sé tinneas air féin. Can you come at six? Make it half-past, an mbeidh tú in ann teacht ag a sé? abair leathuair tar éis a sé. 6The climate is not as bad as you make it, níl an aeráid chomh dona agus a deir tú. What do you make the time?cad é an t-am leat é?7To make s.o. speak, a thabhairt ar dhuine labhairt; caint a bhaint as duine; duine a chur ag caint. You should make him do it, ba chóir duit iallach a chur air a dhéanamh. What made you go there?cad a thug ort dul ansin?To make s.o. angry, afraid, etc., fearg, faitíos, a chur ar dhuine. To make do, teacht lena bhfuil agat. 8Nau: aSroicheann, baineann amach (caladh). To make a headland, (i) teacht in amharc ceann tíre; (ii) ceann tíre a scoitheadh. b(Of ship) To make twenty nautical miles, dul de réir fiche míle farraige san uair. We made bad weather, tháinig drochaimsir orainn. IIv.i.1To make for, towards, a place, aghaidh a thabhairt ar áit. He made for me like a madman, thug sé ruathar buile chugam. Nau: To make for the open sea, aghaidh a thabhairt ar an teiscinn mhór. 2These agreements make for peace, cúnamh chun na síochána na socraithe seo. This fine weather makes for cheerfulness, chuirfeadh an aimsir bhreá seo soilbhreas ar dhuine. 3He made as if to go, chuir sé gotha imeachta air féin. 4(Of flood-tide) Líonann; (of ebb) tránn. 5El.E: (Of current) To and break, slánú agus scaradh.