EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
bean , s . 1 Pónaire f . Kidney bean , pónaire fhada , dhuánach . Broad bean , pónaire leathan . French bean , pónaire fhrancach . Dried bean , pónaire thirim . S.a. BUTTER-BEAN, RUNNER3 , SOYA-BEAN. F : He is full of beans , (i) tá sé go beo friochanta , tá sé chomh héasca le gealbhan ; (ii) tá sé lán de chroí agus d'aigne . To give s.o. the beans , (i) tochas a chluaise a thabhairt do dhuine ; (ii) ciolar chiot a dhéanamh de dhuine . He knows how many beans make five , tá a fhios aige cé mhéad lá sa tseachtain ; níl néal air . He hasn't a bean , níl pingin rua aige . 2 Síol m (caife) .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A man and a woman , fear agus bean .
He was accompanied by his wife , bhí a bhean in éineacht leis .
To pay one's addresses to a lady , ceiliúr cumainn a chur ar bhean .
To be of (full) age , bheith in aois fir (mná) .
Coming of age , teacht in aois (fir, mná) .
Men and women alike , idir fhear is bhean .
Women in full array , mná ina gcóiriú .
(Often in pl . ) F: To pay one's attentions to a lady , bheith ag giollamas le bean ; cúram mór a dhéanamh de bhean .
Aunt-in-law , bean uncail .
There was once a king whose wife died , bhí rí agus cailleadh a bhean .
She is a good housewife , bean mhaith tí atá inti .
The bride to-be , an bhean atá le pósadh .
Ladies before gentlemen , faigheadh na mná tús .
Beggar (-man, -woman) , fear, bean, déirce ; bochtán m .
The belle of the ball , an bhean a rug barr scéimhe léi (ó lucht an damhsa) .
The best of women , plúr na mban .
He was blessed with a good wife , gheall Dia bean mhaith dó .
Both women and children , idir mhná is pháistí .
F : Bouncing lass , preabaire mná óige .
Write to me care of Mrs. X , scríobh chugam tigh Bhean X , f/ch. Bhean X .
Careful housewife , bean tí bharrainneach .
F : (Of pers.) An old cat , seanchantalóir m mná .
He's a good catch , is maith an chuid mná é .
(Lady-)companion , bean chuideachta .
Queen consort , bean chéile an rí .
F : An old dame , seanbhean f -mhná .
Dear Madam , a bhean uasal .
Decayed gentlewoman , bean uasal a tháinig anuas sa saol .
To deliver a woman of a child , páiste a thabhairt ó bhean .
The distaff side (of a family) , muintir na mná .
Distressed gentlewomen , mná uaisle i ngátar .
Woman doctor , dochtúir m mná , bandochtúir m .
Pretty doll of a woman , áilleagán m mná .
To doll up a child, a woman , leanbh, bean, a ghléasadh go péacach .
Domesticated woman , bean mhaith tí .
A dutiful husband , cinnire maith, ceann maith (dá bhean) .
She excelled the women of Ireland (in beauty) , rug sí barr (maise) léi ó mhná na hÉireann .
Expectant mother , bean a bheadh le haghaidh clainne .
Female child , leanbh mná .
Male and female candidates , iarrthóirí idir fhir is mhná .
Female education , oideachas na mban .
A fine woman , bean bhreá .
Ladies first , tosach do na mná .
Women and children first , (sábháiltear) mná agus páistí ar dtús ; tosach (tarrthála) do mhná agus do pháistí .
He wants her for his wife , ba mhaith leis aige mar bhean í .
He married a fortune , phós sé saibhreas, fuair sé spré mhór lena bhean .
Four women , ceathrar ban .
Furbelows , fruigisí fpl (feistis mhná) .