mind1, s.1(Remembrance) aCuimhne f. To bear, keep, sth. in mind, (i) cuimhne a choinneáil ar rud; gan rud a ligean chun dearmaid; (ii) cuimhneamh ar rud. Bear him in mind, cuimhnigh air. Bear in mind that she is only a child, cuimhnigh nach bhfuil inti ach páiste. To bring, to (re)call, sth. to s.o.'s mind, rud a chur i gcuimhne do dhuine. To call sth. to mind, cuimhneamh ar rud. He puts me in mind of his father, chuimhneoinn ar a athair leis. There comes to my mind a curious story, tugann sin i mo cheann scéal aisteach. To go, pass, out of mind, dul i ndearmad. It went out of my mind, d'imigh sé as mo cheann, as mo chuimhne. bEcc: Month's mind, cuimhneamh míosa. 2a(opinion) Intinn f, aigne f, tuairim f. I told him my mind, lig mé m'intinn leis. I gave him a bit, a piece, of my mind, thug mise le hinsint dó. To be of the same mind as s.o., bheith ar aon intinn le duine. (Of several pers.) To be of a mind, of one mind, bheith ar aon intinn, ar aon aigne. To my mind, de réir mo bharúlasa, mo thuairime. b(Purpose, desire) To know one's own mind, a fhios a bheith agat céard ba mhaith leat. To make up one's mind, cinneadh ar chomhairle. He made up his mind to do it, chinn sé ar a dhéanamh. I have made up my mind on it, tá sé socair i m'intinn agam; tá mé meáite air. She couldn't make up her mind what to choose, ní raibh a fhios aici cad é an rogha ab fhearr di. To be in two minds about sth., bheith idir dhá chomhairle faoi rud. The good weather put me in the mind for walking, chuir an uain mhaith fonn siúil orm. To change one's mind, athchomhairle a dhéanamh; teacht ar intinn eile. I have a good, great, mind to do that, b'fhearr liom ná rud maith sin a dhéanamh. I have half a mind to put this rubbish in the fire, is beag a bhéarfadh orm an conamar seo a chaitheamh sa tine. I have no mind to do it, níl fonn ar bith orm a dhéanamh. Those who have a mind can go, an té is mian leis (imeacht) imíodh sé. c(Direction of thoughts, desires) To let one's mind run on sth., bheith ag síorsmaoineamh ar rud. He has set his mind on it, níl faoi ná thairis ach é. His mind turned to . . ., thosaigh sé ag meabhrú ar . . . To give one's mind to sth., d'intinn a leagan ar rud, a chur le rud. To bring one's mind to bear on sth., dul os cionn staidéir ar rud. To have sth. in mind, rud a bheith ar intinn ag duine. What have you in mind?cad é an rún, an cuspóir, atá agat. To find sth. to one's mind, bheith sásta le rud; taitneamh a thabhairt do rud. 3(Spirit, temper) Meon m. State of mind, intinn f. Turn of mind, dearcadh m. He is not in a state of mind to do it, (i) ní féidir leis é a dhéanamh anois agus a intinn mar atá; (ii) níl fonn a dhéanta air. Peace of mind, suaimhneas m intinne. To disturb s.o.'s peace of mind, buaireamh aigne a chur ar dhuine. 4aPhil: Psy: (Opposed to body) Anam m; (opposed to matter) intinn f, aigne f; (opposed to emotions) intleacht f. bSmaoineamh m. It came to my mind that. . ., bhuail sé isteach imo cheann go . . ., rith sé liom go . . . She has something on her mind, tá rud éigin ar a hintinn. To take s.o.'s mind off his sorrow, cian a thógáil de dhuine. To be uneasy in one's mind, intinn neamhshocair a bheith agat. To set one's mind to sth., d'umhail a leagan ar rud. To turn one's mind to a study, d'intinn a leagan ar staidéar. That is a weight off my mind, thug sin faoiseamh intinne dom. The idea is fixed in his mind, ní féidir an smaoineamh a chur as a cheann. Put it out of your mind, caith as do cheann é. I can't get it out of his mind, ní féidir liom a chur as a cheann. cA noble mind, meon uasal. Prov: Great minds think alike, tuigeann fáidh fáidh eile. 5Ciall f, meabhair f -rach. He is out of his mind, tá sé as a chiall, as a mheabhair. To go out of one's mind, dul as do chiall; do chiall a chailleadh. He is not in his right mind, níl sé aige féin, níl sé ar a chiall. To be of sound mind, to be sound in mind, bheith ar do chiall cheart.
mind2, v.tr.1(Attend to, give heed to) Tugaim aird ar (rud, dhuine). Never mind him, ná tabhair aon aird air. Never mind that, ná bac leis sin. Never mind the money, is cuma duit faoin airgead. Mind my words!gearr marc ar m'fhocalsa!Mind you!bíodh a fhios agat!2(Apply oneself to) Bacaim le, leagaim m'intinn ar (rud). Don't mind what he is at, ná bac lena bhfuil ar bun aige sin. Mind your own business, tabhair aire do do ghnó féin. 3a(Object to) Would you mind shutting the door?an ndruidfeá an doras, le do thoil?Do you mind coming?an miste leat teacht?F: Do you mind if I open the window?ar mhiste leat é dá n-osclóinn an fhuinneog?You don't mind my keeping you waiting?ní miste leat é má bhainim moill asat?You don't mind my smoking?ní chuireann an tobac as duit?You don't mind my mentioning it?ní miste dom a rá leat?If you don't mind, mura miste leat. I don't mind, tá mé sásta. I don't mind trying, ní miste liom féachaint leis. I shouldn't mind a cup of tea, d'ólfainn braon tae dá bhfaighinn é. A glass of wine? -- I don't mind, gloine fhíona? -- ní miste liom. b(Trouble about) Don't mind them, bíodh acu. Never mind the consequences, ná buair do cheann leis an toradh. Never mind! (i) is cuma! (ii) ná cuireadh sin as duit!Who minds what he says?cé a bhéarfadh aird airsean?I don't mind the cold, ní ghoilleann an fuacht orm. He doesn't mind expense, is cuma leis faoin gcostas. I don't mind, is cuma liom. 4 (Take care) Mind you're not late!tabhair do d'aire agus ná bí mall! fainic an mbeifeá mall!Mind you write to him, ná dearmad scríobh chuige. Mind what you are about!bíodh d'umhail ar do ghnó!Mind your language!bí aireach i do chuid cainte!Mind you don't fall!fainic an dtitfeá! seachain agus ná tit!F: Mind and don't be late, féach chuige nach mbeidh tú mall. Mind the step, fainic thú féin ar an gcéim. Mind yourself!aire dhuit! tabhair aire duit féin!5(Look after) Tugaim aire do (leanbh); déanaim fosaíocht ar (ainmhithe). To mind the house, fanacht i mbun, i bhfeighil, an tí.