mine1, s.1Mianach m (guail, óir, etc.). F: He is a mine of information, tá eolas an domhain aige. 2Mil: Mianach m. To spring, touch off, a mine, mianach a phléascadh. Navy: Ground mine, mianach m suncáilte. Contact mine, mianach teagmhála. Floating mine, mianach ar snámh. To lay a mine, mianach a chur. Mine-field, log m mianach.
mine2, v.tr. & i.1aTo mine under the earth, tochailt faoi thalamh. bMil: Cuirim mianaigh faoi. F: To mine one's constitution, do sláinte a mhilleadh. cNavy: To mine a harbour, mianaigh a chur i gcuan. 2Min: To mine (for) coal, tochailt ar lorg guail.
mine3 .1Poss.pron.a(Referring to sg.s.) Mo cheannsa. That one is mine, sin é mo cheannsa. b(Referring to pl. or collective) Mo chuid(se); (of pers.) mo mhuintir(se). Mine and thine, mo chuidse agus do chuidse. To me and mine, domsa agus do mo mhuintir. cThat son of mine, an mac sin agam. A friend of mine, cara liom. d(Repetition of s. in Irish) Your country and mine, do thírse agus mo thírse. 2pred.a.This house is mine, is liom an teach seo. What is mine is thine, an rud is liomsa is leatsa. 3poss.a.Mo (lenites); m' before vowels. Mine eyes, mo shúile. Mine only son, m'aonmhac.