EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
chair 1 , s . 1 a Cathaoir f -each , suíochán m . Folding chair , cathaoir fhillte . To take a chair , suí síos . S.a. ARM-CHAIR, BATH-CHAIR, BOATSWAIN, DECK-CHAIR, EASY-CHAIR, INVALID2 , LADY-CHAIR, ROCKING-CHAIR. b Cathaoir (ollaimh, breithimh, uachtaráin) . To be in the chair, to occupy, fill, the chair , bheith sa chathaoir ; bheith i gceannas . To take the chair , dul sa chathaoir ; dul i gceannas . To leave, vacate, the chair , imeacht as an gcathaoir . Chair! Chair! Ordú! Ordú! 2 Rail : Stól m , leaba f (ráille) .
chair 2 , v .tr . Iompraím go caithréimeach ; iompraím ar ghuaillí .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He sat astride the chair , scar sé é féin ar an gcathaoir .
A high-backed chair , cathaoir chúl-ard .
Bottomless chair , cathaoir gan tóin .
Bring up your chair to the fire , tarraing do chathaoir anuas chuig an tine .
The chairs cost so much each , chuaigh na cathaoireacha oiread seo an ceann .
To draw up a chair (to the table) , cathaoir a tharraingt isteach chuig an mbord .
He dropped into the chair , chaith sé é féin sa chathaoir .
This chair feels very comfortable , tá compord sa chathaoir seo .
He pulled the chair from under me , tharraing sé an chathaoir uaim .
Invalid chair , cathaoir othair .
To carry s.o. in a lady-chair , sac salainn a dhéanamh de dhuine .
He leant back in his chair , shín sé siar sa chathaoir .
The chair let him down , thug an chathaoir faoi .
To let chairs out (on hire) , cathaoireacha a ligean (ar cíos) .
He motioned me to a chair , sméid sé orm go suífinn (ar chathaoir) .
To mount (on, upon) a chair , dul in airde ar chathaoir .
Bring your chair near(er) to the fíre , tarraing do chathaoir in aice na tine .
She nestled down in the chair , ghróig sí í féin sa chathaoir ; chonlaigh sí chuici sa chathaoir .
He plumped himself into the chair , chaith sé é féin anuas sa chathaoir .
All the chairs were pounced upon , ar an toirt bhí duine ar gach aon chathaoir .
Pull your chair near the fire , teann do chathaoir leis an tine .
Arm-rest (of chair) , taca uillinne .
It served him for a chair , rinne sé ionad cathaoireach dó .
To set chairs (for the company) , cathaoireacha a shocrú (don chuideachta) .
He sank down into the chair , lig sé é féin anuas sa chathaoir .
He started from his chair , phreab sé aníos den chathaoir .
To straddle a chair , suí scartha, ar scaradh gabhail, ar chathaoir .
Straw-bottomed chair , cathaoir shúgáin .
F : He subsided into a chair , lig sé é féin siar i gcathaoir .
To tilt one's chair , do chathaoir a ligean siar ar a sáil .
How much for this chair? -- I want five pounds , cé mhéad ar an gcathaoir seo? -- cúig phunt .
Boxes by way of chairs , boscaí mar chathaoireacha, ina gcathaoireacha .
To wheel round one's chair , do chathaoir a thabhairt thart de sciuird .
Wicker chairs , cathaoireacha caolaigh .
Wobbly chair , cathaoir chorrach .