EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
everything , indef .pron. a Gach (aon) rud, gach uile ní . Everything in its place , gach aon rud ina áit féin . They sell everything , tá gach uile shórt le díol acu . We lost everything we had , chaill muid a raibh againn . b (As predicate) Money is everything , déanfaidh an t-airgead gach uile shórt . Beauty isn't everything , ní breáthacht a dhéanann brachán (ach min) .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He can turn everything to account , is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud ; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos .
He has an answer to everything , tá freagra ar gach uile rud aige .
That beats everything , beireann sin barr ar an donas ; bhuail sin a bhfaca mé ariamh .
(Preference, order) Before everything else , os cionn , thar , gach uile ní .
Here everything betokens peace , tá cuma an tsuaimhnis ar gach aon rud anseo .
To bundle everything up , gach uile shórt a chrapadh suas .
To leave everything to chance , gach uile shórt a fhágáil faoin gcinniúint .
Everything went like one o'clock , d'éirigh le gach uile shórt ar fheabhas .
Everything is going like clockwork , tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon .
He had everything conceivable , bhí gach rud aige dá bhféadfá cuimhneamh air .
Everything was in confusion , bhí gach uile shórt trína chéile, ar mhuin mhairc a chéile .
Everything conspired to keep him late , shílfeá gur d'aonghnó lena choinneáil mall a tharla gach rud .
There is a cure for everything but death , tá leigheas ar gach uile shórt ach ar an mbás .
Here everything denotes peace , tá cuma an tsuaimhnis ar gach rud anseo .
Everything else , gach aon ní eile .
He fancies he knows everything , ceapann sé go bhfuil fios fátha gach uile ní aige .
To have everything in one's favour , gach rud a bheith i do leith .
Everything gets known , faightear amach gach aon ní .
Everything went off well , d'éirigh go maith le gach aon rud .
Everything hangs on his answer , tá an t-iomlán ag brath ar a fhreagra .
I shall have everything ready , tabharfaidh mé do m'aire go mbeidh gach uile rud ullamh agam .
Everything hinges on his answer , tá sé uile ag brath ar a fhreagra .
He is indifferent to everything , níl suim in aon ní aige .
To turn everything inside out , gach rud a chur bunoscionn .
To jumble everything up , gach rud a mheascadh, a chur trína chéile .
Everything gets known , ní féidir rud ar bith a choinneáil ceilte .
He laps up everything you tell him , slogann sé gach aon sórt a deirtear leis .
Everything leads to the opinion that . . ., tá gach dealramh ar an tuairim go . . .
Everything is in the melting-pot , tá an t-iomlán dá athmhúnlú. i mbéal a athraithe .
Everything is in a mess , tá gach rud bunoscionn .
I shall do everything necessary to ..., déanfad gach rud is gá le ...
Everything necessary , gach a bhfuil ag teastáil .
They need to be told everything , caitear, ní mór, an uile rud, a insint dóibh .
He pokes his nose into everything , cuireann sé a ladar i ngach uile scéal .
Everything is O.K. , gach uile shórt ceart .
Duty is paramount (to everything) with him , déanfaidh sé a dhualgas roimh gach ní .
Everything passed off smoothly , d'éirigh le gach sórt go maith .
Everything in its own place , gach rud ina alt féin .
He has plenty of everything , tá a sheacht sá de gach sórt aige .
Everything seems to point to his success , tá gach cosúlacht air go n-éireoidh leis .
Everything points to him as the culprit , tá gach rud á chiontú .
He did everything he possibly could , rinne sé gach uile ní dar fhéad sé .
Everything in the window is priced , tá a luach marcáilte ar gach rud san fhuinneog .
He provided for everything , sholáthraigh seisean gach uile shórt .
Everything in reason , tá measarthacht i ngach aon rud .
To reduce everything to a single principle , aon phrionsabal amháin a dhéanamh de gach rud .
One cannot remember everything , ní féidir smaoineamh ar gach rud .
He repeats everything to the master , nil a dhath nach n-insíonn sé don mháistir .
All right. Everything is all right , tá gach rud ceart .
Everything is rising in price , tá gach rud ag gabháil chun daoirse ; tá gach rud ardaithe .