answer1, s.1Freagra m. To give an answer to s.o. about sth., freagra a thabhairt ar dhuine faoi rud. I could find no answer to it, ní raibh freagra ar bith agam le tabhairt air. He got no answer, ní bhfuair sé fáir ná freagra. He has an answer to everything, tá freagra ar gach uile rud aige. Answer to a charge, cosaint f in aghaidh cúisithe. Her only answer to me was to weep, ní thug sí de fhreagra orm ach tosú ag gol. An answer will oblige, freagra le do thoil. Com: In answer to your letter, mar fhreagra ar do litir. 2Fuascailt f, réiteach m (deacrachta).
answer2, v.tr. & i.1Freagraím. aTo answer s.o., duine a fhreagairt. He did not answer a syllable, níor labhair sé smid. He answered that he did not know, d'fhreagair sé is dúirt sé nach raibh a fhios aige. bTo answer a question, a letter, ceist, litir, a fhreagairt, freagra a thabhairt ar cheist, ar litir. To answer for (=instead of) s.o., freagairt ar son duine. cHe did not answer his name, níor fhreagair sé a ainm. Answer the door, oscail an doras. d(Of ship) She would not answer the helm, ní raibh stiúradh uirthi. eHe did not answer the charge, níor chosain sé é féin sa chúis. fHe answers to that description, tá an chosúlacht sin ag cur leis. gMy prayer has been answered, d'éist Dia le mo ghuí. 2That will answer my purpose, déanfaidh sin scoth gnóthaí dom. His plan did not answer, níor éirigh lena phlean. 3(Vouch) I will answer for him, beidh mise freagrach as. I will answer for it that . . ., rachaidh mise i mbannaí go . . . He has a lot to answer for, is iomaí rud a gcaithfidh sé cuntas a thabhairt ann, atá le cúiteamh aige.