EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
get into . 1 v .i . a Téim isteach i, faighim dul isteach i (dteach, gcoill, ngluaisteán, etc.) . He got into the club , d'éirigh leis bheith ina bhall den chumann . He got into bad company , casadh i measc droch-chomrádaithe é . b Cuirim orm (mo chuid éadaí) . To get into a rage , dul le cuthach . To get into a bad habit , drochbhéas a fhoghlaim . He is getting into the way of doing it , tá sé ag teacht isteach air, ag dul i dtaithí é a dhéanamh . 2 v .tr . To get sth. into sth ., rud a chur isteach i rud eile . I got it into the bottle , d'éirigh liom é a chur sa bhuidéal . I got him into the way of doing it , thugas taithí a dhéanta dó .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He got into the job through the back-door , shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar .
To get into bed , dul isteach sa leaba .
He got into communication with her , chuir sé scéala chuici .
He has got into a fix , tá sé i gcruachás anois aige féin .
He got into a fury , d'éirigh sé ina chaor bhuile ; chuaigh sé le craobhacha .
To get s.o. into trouble , (i) achrann a tharraingt ar dhuine ; (ii) clú (cailín) a bhriseadh ; (cailín) a chur ó chrích .
I got it back into the box , d'éirigh liom é a chur ar ais sa bhosca .
He has got into a groove , is é an dála céanna aige é ó cheann ceann na bliana .
To get, grow, into the habit of sth ., cleachtadh a dhéanamh de rud .
To get a dog into habits of obedience , umhlaíocht a chleachtadh do mhadra ; taithí na humhlaíochta a mhúineadh do mhadra .
F : To get into harness , dul faoin tsrathair ; dul i gceann oibre .
I got it into my head , chuir mé i mo cheann é .
I can't get that into his head , ní thig liom sin a chur ina luí air .
He got into a heat , tháinig fearg air, chuaigh sé le buile .
He got into hot water , tharraing sé trioblóid air féin .
To get an insight into sth. , léargas a fháil ar rud .
F : To get into khaki , dul in arm Shasana .
To acquire, get into, the knack of sth ., teacht isteach ar rud a dhéanamh .
F : (Of pers.) He has got into a mess , tá sé san abar, san fhaopach .
(Of child) He is always getting into mischief , tá sé i gcónaí ag déanamh anmhailíse de chineál éigin .
To get into a row , íde béil a tharraingt ort féin .
We got safe into port , bhaineamar cuan amach gan tubaiste .
He got into a scrape , tharraing sé achrann air féin .
Av : To get into a spin , tuirlingt bhíse a dhéanamh .
He had to stoop in order to get into the car , b'éigean dó cromadh le dul isteach sa charr .
To get into one's stride , an seanchleachtadh a fháil ar obair ; teacht isteach ar obair .
When you have got into the swing of things , nuair éireos tú cleachtach leis na cúrsaí .
To get into a tangle , (i) dul in achrann ; (ii) dul san abar .
To get into a tantrum , éirí suas i do choileachín ; cochall a theacht ort .
To get into the train , dul isteach sa traein .
To get into trouble , achrann m , tubaiste f , a tharraingt ort féin .
He got into trouble with the police , tharraing sé na gardaí air féin .
To get s.o. into trouble, to make trouble for s.o ., trioblóid a tharraingt ar dhuine .
To get a girl into trouble , cailín a chur ó chrích, ó rath .
He got into a wax , tháinig colg, cochall, air .
To get into the way of doing sth ., (i) a fháil mar nós rud a dhéanamh ; (ii) teacht isteach ar rud a dhéanamh .
You will get into the way of it , tiocfaidh tú isteach air ; éireoidh tú cleachta air .