Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: let into · get in · get on · betting · gein
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh get into »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
get into. 1 v.i. a Téim isteach i, faighim dul isteach i (dteach, gcoill, ngluaisteán, etc.). He got into the club, d'éirigh leis bheith ina bhall den chumann. He got into bad company, casadh i measc droch-chomrádaithe é. b Cuirim orm (mo chuid éadaí). To get into a rage, dul le cuthach. To get into a bad habit, drochbhéas a fhoghlaim. He is getting into the way of doing it, tá sé ag teacht isteach air, ag dul i dtaithí é a dhéanamh. 2 v.tr. To get sth. into sth., rud a chur isteach i rud eile. I got it into the bottle, d'éirigh liom é a chur sa bhuidéal. I got him into the way of doing it, thugas taithí a dhéanta dó.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He got into the job through the back-door, shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar.
To get into bed, dul isteach sa leaba.
He got into communication with her, chuir sé scéala chuici.
He has got into a fix, tá sé i gcruachás anois aige féin.
He got into a fury, d'éirigh sé ina chaor bhuile; chuaigh sé le craobhacha.
To get s.o. into trouble, (i) achrann a tharraingt ar dhuine; (ii) clú (cailín) a bhriseadh; (cailín) a chur ó chrích.
I got it back into the box, d'éirigh liom é a chur ar ais sa bhosca.
He has got into a groove, is é an dála céanna aige é ó cheann ceann na bliana.
To get, grow, into the habit of sth., cleachtadh a dhéanamh de rud.
To get a dog into habits of obedience, umhlaíocht a chleachtadh do mhadra; taithí na humhlaíochta a mhúineadh do mhadra.
F: To get into harness, dul faoin tsrathair; dul i gceann oibre.
I got it into my head, chuir mé i mo cheann é.
I can't get that into his head, ní thig liom sin a chur ina luí air.
He got into a heat, tháinig fearg air, chuaigh sé le buile.
He got into hot water, tharraing sé trioblóid air féin.
To get an insight into sth., léargas a fháil ar rud.
F: To get into khaki, dul in arm Shasana.
To acquire, get into, the knack of sth., teacht isteach ar rud a dhéanamh.
F: (Of pers.) He has got into a mess, tá sé san abar, san fhaopach.
(Of child) He is always getting into mischief, tá sé i gcónaí ag déanamh anmhailíse de chineál éigin.
To get into a row, íde béil a tharraingt ort féin.
We got safe into port, bhaineamar cuan amach gan tubaiste.
He got into a scrape, tharraing sé achrann air féin.
Av: To get into a spin, tuirlingt bhíse a dhéanamh.
He had to stoop in order to get into the car, b'éigean dó cromadh le dul isteach sa charr.
To get into one's stride, an seanchleachtadh a fháil ar obair; teacht isteach ar obair.
When you have got into the swing of things, nuair éireos tú cleachtach leis na cúrsaí.
To get into a tangle, (i) dul in achrann; (ii) dul san abar.
To get into a tantrum, éirí suas i do choileachín; cochall a theacht ort.
To get into the train, dul isteach sa traein.
To get into trouble, achrann m, tubaiste f, a tharraingt ort féin.
He got into trouble with the police, tharraing sé na gardaí air féin.
To get s.o. into trouble, to make trouble for s.o., trioblóid a tharraingt ar dhuine.
To get a girl into trouble, cailín a chur ó chrích, ó rath.
He got into a wax, tháinig colg, cochall, air.
To get into the way of doing sth., (i) a fháil mar nós rud a dhéanamh; (ii) teacht isteach ar rud a dhéanamh.
You will get into the way of it, tiocfaidh tú isteach air; éireoidh tú cleachta air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht