heart1, s.Croí m.1With beating heart, agus mo (do, etc.) chroí ag preabadh. He has a weak heart, tá an croí ag cur air. Heart attack, taom de thinneas croí. I had my heart in my mouth, bhí mo chroí i mbarr mo chluaise, ag dul amach ar mo bhéal. He had his heart in his boots, (i) bhí eagla a anama air; (ii) bhí lagmhisneach air. He pressed her to his heart, d'fháisc sé lena ucht í. He died of a broken heart, briseadh croí a thug a bhás. He broke his heart over it, bhris sé a chroí leis. 2aHeart of gold, croí na féile. Heart of steel, croí crua. He has a heart of stone, tá a chroí siúd chomh crua le cloch ghlas. His heart is in the right place, tá an croí san áit cheart aige. Don't wear your heart on your sleeve, ná bíodh rún do chroí ar do bhois agat. It will do your heart good, is é a chuirfeas an ola ar do chroí. Set your heart at rest, ná bíodh aon imní ort. His heart was full, heavy, bhí croí brúite aige. He left with a heavy heart, d'imigh sé agus ualach ar a chroí. It went to my heart, chuaigh sé go dtí an croí ionam. He was cut to the heart, ghoill sé go cor a chroí air. In my heart of hearts, i mo chroí istigh; i gcochall mo chroí. From the bottom of my heart, amach ó mo chroí. At heart, he is not a bad fellow, níl droch-chroí aige tar éis an tsaoil. Searchings of the heart, buaireamh m intinne; ciapadh m croí. To learn sth. by heart, rud a fhoghlaim de ghlanmheabhair. bTo win a woman's heart, croí mná a mhealladh. He has your welfare at heart, ar mhaithe leat, chun do leasa, atá sé. To take, to lay, sth. to heart, meabhrú go maith ar rud. cHe has set his heart on doing it, níl faoi ná thairis ach a dhéanamh. We ate and drank to our heart's content, bhí muid ag ithe agus ag ól go raibh muid subhach sách. dHe has his heart in his work, tá a chroí is a anam san obair aige. With all my heart, amach ó mo chroí, faoi chroí mór maith. With heart and hand, ar chroídhícheall. eTo put new heart into s.o., a chroí a thabhairt do dhuine; misneach a thabhairt do dhuine. Take heart! pluck up heart!bíodh uchtach agat!To lose heart, uchtach, misneach, a chailleadh. I could not find it in my heart, I hadn't the heart, to do it, ní ligfeadh mo chroí dom, ní bhfaighinn ó mo chroí, a dhéanamh. 3Croí (crainn, cabáiste). F: Heart of oak, duine móruchtúil. Heart of a cable, croí cábla. The heart of the matter, bun agus barr an scéil. In the heart of.. ., i gceartlár (cathrach, fásaigh); i ndoimhneacht (farraige); i lár (na tíre). 4Cards: Queen of hearts, banríon hairt. Have you any hearts?an bhfuil hairt ar bith agat?