PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To beg a person's acceptance of sth., iarraidh ar dhuine glacadh le rud,
To ask s.o. for advice, comhairle a iarraidh (ar dhuine).
To advise with s.o. (i) comhairle a iarraidh ar dhuine; (ii) dul i gcomhairle le duine.
He is (all) agog to go, tá sé ar bior ag iarraidh imeacht, tá sé á bheophianadh go n-imeoidh sé.
To aim a blow at s.o., iarraidh de bhuille a thabhairt ar dhuine.
Decree that aims at altering . . ., reacht atá ag iarraidh ... a athrú.
Go and fetch for it, imigh leat dá iarraidh.
She is angling for a husband, ag iarraidh fear céile atá sí.
I anticipated his wishes, rinne mé an rud ba mhian leis sular iarr sé orm é.
He appealed to me for help, d'agair sé mé ag iarraidh mo chabhrach.
Complete list on application, an liosta iomlán le fáil ach é a iarraidh.
To apply to s.o. for sth., rud a iarraidh ar dhuine, iarratas ar rud a chur chuig duine.
To ask a favour of s.o., gar a iarraidh ar dhuine.
How much are you asking for it? céard tá tú a iarraidh air?
To ask to do sth., cead a iarraidh le rud a dhéanamh.
To ask s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine rud a dhéanamh.
To ask for sth., rud a iarraidh.
To ask s.o. in, duine a iarraidh isteach.
You may have it for the asking, it is yours for the asking, níl ort ach a iarraidh.
To make an attack on s.o.'s life, iarraidh mharfach a thabhairt ar dhuine.
To make an attempt at sth., at doing sth., to do sth., iarraidh, iarracht, a thabhairt ar rud, ar rud a dhéanamh.
No attempt will be made to . . ., ní dhéanfar iarraidh ar bith ar ...
There was an attempt on his life, tugadh iarraidh mharfach air.
He attempted resistance (to them), thug sé iarraidh ar a gcosc.
Attempted murder, iarraidh dhúnmharaithe.
To attempt s.o.'s life, iarraidh mharfach a thabhairt ar dhuine.
Begging (for) his bread, ag iarraidh a choda.
These jobs go (a-)begging, níl iarraidh ag aon duine ar na poist seo.
To beggar s.o., duine a chur ag iarraidh na déirce; duine a chur ag caitheamh na miotán, duine a chreachadh.
To reduce s.o. to beggary, duine a chur ag iarraidh na déirce; duine a chreachadh.
To beseech s.o.'s pardon, pardún a iarraidh ar dhuine.
F: To make a bid for power, (i) iarraidh a thabhairt ar cheannas a bhaint amach; (ii) iarraidh a thabhairt ar cheannas stáit a fháil le láimh láidir.
To go bird's-nesting, imeacht ag cuartú, ag iarraidh, ag coilleadh, nead.
To be bitten with a desire to do sth., bheith ar gor ag iarraidh rud a dhéanamh.
There is no blinking the fact, níl maith bheith ag iarraidh a cheilt; níl ach amaidí dul ar chúl scéithe leis.
At a (single) blow, d'aon bhuille, d'aon iarraidh amháin.
To call his bluff, (i) (at poker) iarraidh air a chuid cártaí a chur chun cláir; (ii) tabhairt ar dhuine cur lena chuid cainte.
He is trying to keep body and soul together, tá sé ag iarraidh greim a bhéil a bhaint amach.
To call to s.o. to do sth., glaoch ar dhuine ag iarraidh air rud a dhéanamh.
To call out for sth., scairteadh ag iarraidh ruda.
To call upon s.o. for sth., rud a iarraidh ar dhuine; rud a éileamh ar dhuine.
To call upon s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine rud a dhéanamh.
To call upon s.o.'s help, cúnamh a iarraidh ar dhuine.
To call upon s.o. to apologize, iarraidh ar dhuine a leithscéal a ghabháil.
I now call upon Mr. S., tá mé ag iarraidh ar Mhac Uí Sh. labhairt anois.
To cast about for an excuse, a bheith ag iarraidh cuimhneamh ar leithscéal.
I was trying to catch his eye, bhí mé ag iarraidh a umhail a tharraingt orm.
F: Not to make two bites at a cherry, gnó a dhéanamh d'aon iarraidh; gan aon bhraiteoireacht a dhéanamh.
Parl: To ask for a vote of confidence, tairiscint mhuiníne a iarraidh.