same,1a. & pron.(An duine, ceann) céanna. To repeat the same words, na focail chéanna a aithris. At the same time that this was happening, le linn dó seo bheith ar siúl go díreach. Put it back in the same place, cuir ar ais mar a bhfuairis é. He is of the same age as myself, comhaois é féin agus mé féin. A man whose name is the same as mine, fear atá ar aon ainm liom. I found her just the same as before, fuaireas mar bhí sí riamh í. To live in the same house as s.o., cónaí in aon teach le duine. All were actuated by the same impulse, aon aidhm amháin a bhí fúthu go léir. Of the same kind, d'aon chineál amháin; den chineál céanna. The same to you, gurab é duit, gurab amhlaidh duit. He got up and I did the same, d'éirigh sé ina sheasamh agus rinne mise an cleas céanna. (Emphatic) The very same thing, an rud ceannann céanna. At the same time, (i) san am céanna; (ii) i dteannta a chéile. It is the same (thing) everywhere, mar an gcéanna gach aon áit é. It all amounts to the same thing, is é an rud céanna ar deireadh é. It's all the same, it's just the same, is ionann an cás é; is é an dá mhar a chéile é. It is all the same to me, is cuma domsa. If it is all the same to you, mura gcuirfidh sé as duitse. It is the same with me, is é an dála céanna, mar an gcéanna, agamsa é. You still look the same, níor tháinig athrú ar bith ort. It is much the same, is é an rud céanna é, féadaim a rá. He is much about the same, tá sé beagnach mar a bhí sé. P: (The) same here!mise leat!2adv.I think the same, sin mo bharúil féin. The same as you, do dhála féin; ar do chuma féin. All the same, mar sin féin. I feel anxious all the same, ina dhiaidh sin féin, tá imní orm. When I am away things go on just the same, nuair a bhím as baile téann gach sórt ar aghaidh mar a théadh ariamh.