Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: awe · E · ewe · owe · W
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for we »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
we, pers. pron. 1 (Inflected v. forms) We saw him, chonaiceamar é. We shall see him, feicfimid é. 2 (Prep. pron. in Irish). We know that, is eol dúinn é sin. We are hungry, tá ocras orainn. 3 (Emphatic forms in Irish) Muidne, sinne; -na, ne; -e with prep.prons. a It is we, sinne atá ann. We and they will go, rachaimidne agus iadsan. b (Stressed in English) We would not go, ní rachaimisne. We saw it, chonaiceamarna é. We are not hungry, níl ocras orainne. 4 (Omitted in Irish) a Are you teachers? We are., an múinteoirí sibh? Sea. b Did you tell him that? We did, ar inis sibh sin dó? D'inis.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
According as we are rich or poor, de réir mar atáimid bocht nó saibhir.
We shall soon be across, is gearr go mbeimid thall.
We have advices from abroad, fuaireamar scéala ón gcoigrích.
Here we are again!ar ais arís!
The age we live in, an saol a bhfuilimid ann.
We are agreed about the price, tá an luach socair eadrainn.
We all love him, tá grá againn uile air.
Games: We are five all, táimid a cúig araon; a cúig ar gach taobh.
We heard his answering cry, chualamar é ag glaoch ár bhfreagairt.
pl.We know his antecedents, tá stair an fhir againn.
We had an anxious time, bhí saol míshuaimhneach againn.
We must put in an appearance, caithfimid sinn féin a thaispeáint.
We are approaching Dublin, táimid ag tarraingt isteach ar Bhaile Átha Cliath.
We are apt to believe that..., is furasta linn a chreidiúint go ...
As it is we must. . ., mar atá an scéal caithfimid. . .
(Just) as we did last year, so we must do now, an rud a rinneamar anuraidh, is é a chaithfimid a dhéanamh anois arís.
As you are not ready we cannot go, tharla nach bhfuil tú réidh ní thig linn imeacht.
While we are at it, why not . . ., tharla sinn ina cheann, cad chuige nach . .., ó támuid leis, cad chuige nach...
We will now turn our attention to . . ., tabharfaimid ár n-aghaidh anois ar ...
We are five miles away from the station, táimid cúig mhíle ón stáisiún.
F: We are baking in the heat, tá muid bruite ag an teas.
He asked who we were, d'fhiafraigh sé cé sinn féin, cé hiad sinne.
(Press) We were borne backwards by the crowd, scuabadh ar gcúl sinn leis an slua.
We were there before our time, bhíomar ann roimh ré.
It will not be long before we see him again, ní fada go bhfeicimid arís é.
We were benighted, rug an oíche orainn.
We were four besides John, bhíomar ceathrar ann, gan Eoin a chomhaireamh.
We drank of the best, d'ólamar scoth na dí.
We bought it between us, cheannaíomar i bpáirt é.
We took the boat at Derry, chuamar ar an mbád i nDoire.
F: We are all in the same boat, is ionann cás don iomlán againn, is é an dála céanna againn ar fad é.
We are bound by strict rules, tá rialacha dochta orainn.
We break up on the fourth, beidh scíth againn ón gceathrú lá.
We must buckle to, caithfimid teannadh orainn, leagan orainn.
We got a buffeting in Galway Bay, tugadh an-tuairteáil dúinn i gCuan na Gaillimhe.
We shall get it by waiting, gheobhaimid é ach fanacht leis.
F: We'll call it three shillings, déanfaidh muid trí scilling de.
We were caught in the storm, rug an stoirm orainn.
We were caught up in this wave of enthusiasm, scuab an taom dúthrachta seo leis sinn.
We all centred round him, chruinnigh muid ar fad timpeall air.
Shall we see you there by any chance?seans ar bith go bhfeicfidh muid ansin thú?
We must take all the circumstances into account, caithfidh muid gach taobh den scéal a chur san áireamh.
We are expecting company, táimid ag súil le cuairteoirí.
We have congenial tastes, taitníonn na rudaí céanna linn.
We consider that he ought to do it, is é ár dtuairim go mba cheart dó é a dhéanamh.
We are heading for a crisis, tá uair na cinniúna chugainn.
We are at cross-purposes, (i) tá míthuiscint eadrainn; ní thuigeann muid a chéile; (ii) níl ár scéimeanna ag teacht le chéile.
F: We are at the cross-roads, tá uair na cinniúna buailte linn.
We are too crowded here, tá muid róbhruite anseo.
We were nearly crushed to death, is beag nár fáscadh an t-anam asainn.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: To adjourn to a place, dul go dtí áit. We'll adjourn to the room, rachaimid chun an tseomra.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News