address1, s.1Aclaíocht f (coirp); clisteacht f, scil f (intinne). 2Seoladh m (duine, litreach). What is your address?cá bhfuil tú i do chónaí?3aHe is a man of pleasing address, duine aoibhiúil, suáilceach, é. A man of good address, fear a bhfuil teacht i láthair ann; fear a bhfuil deis a labhartha aige. bTo pay one's addresses to a lady, ceiliúr cumainn a chur ar bhean. 4Aitheasc m, óráid f, léacht f -a. 5Form of address, an ghairm, an teideal (a bhéarfaí do dhuine ag labhairt leis).
address2, v.tr.1Cuirim seoladh ar (litir), seolaim (litir)(to a person, chuig duine). 2aTo address a prayer to God, guí a chur suas chuig Dia. bTo address s.o., (i) araoid, forrán, a chur ar dhuine; (ii) caint a chur ar dhuine. To address oneself to s.o., dul chun cainte le duine. cTo address the crowd, labhairt leis an slua. When he addresses the House, nuair a labhraíonn sé sa Dáil. 3Golf: To address the ball, beartú chun buailte. 4To address oneself to a task, dul i gceann tásca.