home,Is.1Baile m. Near home, de chóir baile. Hamlet of fifty homes, baile beag agus leathchéad cónaí ann. To have a home of one's own, clúid f a bheith ag duine dó féin. To give s.o. a home, to make a home for s.o., dídean f a thabhairt do dhuine. It is a home from home to them, tá sé ina bhaile acu. F: He is gone to his last home, tá sé sa seanbhaile. Be it ever so humble there's no place like home, níl aon tinteán mar do thinteán féin; sa bhaile a bhíos mil ar chuiseoga. At home, sa bhaile. Sp: They are playing at home, beidh siad ag imirt sa pháirc (sa chlub, etc.) acu féin. To stay at home, fanacht sa bhaile, fanacht sa teach. Is Mr. Walsh at home?an bhfuil an Breatnach faoi bhaile?Mrs. X. is not at home to-day, (i) níl Bean X. sa bhaile inniu; (ii) ní lá cuairteoirí ag Bean X. é seo. She is at home on Tuesdays, Dé Máirt a bhíos cuairteoirí aici. He is not at home to anyone, ní ligeann sé aon duine ar a ghaobhar. I never felt at home with him, ní raibh mé riamh ar mo shuaimhneas ina láthair. He is at home on, in, with, the topic, tá an t-ábhar ar bharr a mhéar aige. Make yourself at home, déan do chuid féin den teach. To be (away, absent) from home, bheith as baile. To leave home, an baile a fhágáil. 2Tír dhúchais. At home and abroad, sa bhaile agus i gcéin. Adm: Mil: Navy: Service at home, seirbhís chois baile. 3F: Nearer home. We should take an example nearer home, ba chóir dúinn sampla a bhainfeadh lenar saol féin a thoghadh. When the question comes nearer home to him he will think differently, nuair a bheas an crú ar an gcois aige féin beidh a mhalairt de thuairim aige. 4aNat.Hist: Gnáthóg f. bGreece was the home of the Arts, ba í an Ghréig tír dhúchais na n-ealaíon. 5Teach m, áras m. Sailors' Home, áras na mairnéalach. Home for the blind, teach m na ndall. Home of rest, teach suaimhnis. S.a. MENTAL, NURSING HOME. 6Sp: Góraí m; baile m. II►home, adv.1a(Implying movement towards . . .) Abhaile. To go home, dul abhaile. To get home, an baile a bhaint amach. To come home, teacht abhaile. bSa bhaile, faoi bhaile. To be home, bheith sa bhaile. 2aThe reproach went home, chuaigh an t-achasán go croí. To strike home, buille a chur i gcion. To bring sth. home to s.o., rud a chur ina luí ar dhuine. To bring a charge home to s.o., cúis a chruthú in aghaidh duine. bTo drive a nail home, tairne a thiomáint go hurla. III►home, attrib.a. 1aHome circle, an teaghlach. Home training, teagasc m tinteáin. Home address, seoladh m baile. Sch: Home lessons = HOME-WORK. Home safety, sábháilteacht teallaigh. bVen: The home coverts, na brocacha chois baile. Sp: On the home ground, sa bhaile. The home side, foireann na háite. cOn the home journey, ar an mbealach abhaile. S.a. TRUTH. 2Home trade, trádáil intíre. Home products, táirgí na tíre.