TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
argument , s . 1 Argóint f . That is one argument against it , sin aon chúis amháin ina aghaidh . I can't follow his argument , ní thuigim brí a chuid argóinte . His argument is that gold should be done away with , is é an cás atá aige gur ceart deireadh a chur le hór . For the sake of argument , (i) do gheall ar chaint ; (ii) cuir i gcás . 2 Conspóid f , argóint f , díospóireacht f . 3 a A : Brí f , éirim f (scéil, dráma) , b (Synopsis) Achoimre f . 4 Mth : Argóint f (uimhreach coimpléascaí) .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To knock the bottom out of an argument , ciolar chiot a dhéanamh d'argóint .
To bottom an argument on sth ., argóint a bhunú ar rud .
An argument that lacks cohesion , argóint nach bhfuil ag teacht le chéile .
The argument is fundamentally wrong , tá an argóint lochtach ó fhréamh ; tá bunús na hargóinte lochtach .
I find the argument difficult to grasp , is deacair liom brí na hargóinte a thabhairt liom .
To hack an argument to death , seanbhaile a dhéanamh d'argóint .
He made hay of my argument , rinne sé ciolar chiot de mo scéal .
To knock holes in an argument , na cosa a bhaint d'argóint .
Line of argument , snáithe argóinte .
To overstrain an argument , argóint a chur i bhfad .
To tear an argument to pieces , spior spear a dhéanamh d'argóint .
Figures that give point to his argument , figiúirí a chuireann brí lena argóint .
Argument to the point , argóint f a bhaineas le hábhar .
F : To pulverize an argument , sceanach a dhéanamh d'argóint .
To ram an argument home , argóint a chur abhaile .
Stock argument , gnáthargóint f , argóint sheanphléite .
The argument terminated in blows , ba é críoch agus deireadh na hargóinte go ndeachthas ar na buillí .
To turn s.o.'s argument against himself , duine a bhréagnú as a bhéal féin .
Validity of an argument , ceart m , éifeacht f , argóinte .
The argument is getting warm , tá teasaíocht f , coipeadh m , ag teacht san aighneas .
The weakness of the argument , donacht f na hargóinte .
To weigh in (with an argument) , do ladar a chur san argóint .
To give weight to an argument , teannadh a chur le hargóint .