Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: boom · bosom · bottomry · motto · Otto
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh bottom »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
bottom1, s. 1 a Bun m (cnoic, staighre, leathanaigh); íochtar m (cóta, drisiúir). S.a. TOP1 I. 1 b Tóin f -a (tobair, bosca, na farraige); dúshraith f (bóthair). At the bottom of the garden, in íochtar, ag bun, an ghairdín. At the bottom of the class, ar dheireadh an ranga. At the bottom of the table, ag ceann íochtarach an bhoird. To send a ship to the bottom, soitheach a chur go tóin (poill). Prices have touched bottom, tá luach rudaí chomh híseal agus is féidir. (Of swimmer) He found bottom again, fuair sé áit a bhonn arís. To sift the matter to the bottom, dul go dúshraith, go bunrúta, an scéil; an scéal a chur le bonn. At bottom he's not a bad fellow, ní drochdhuine é ina chroí. From the very bottom of my heart, ó cheartlár mo chroí; ó mo chroí amach. He was at the bottom of it, eisean ba bhunsiocair leis. Nau: Rocky bottom, grinneall clochach. c Teacht aniar m, spreacadh m. Horse with bottom, capall a bhfuil teacht aniar ann. 2 (Of land) Ísleán m, sraith f. Bottom lands, tailte ísle; tailte méithe. 3 a Tóin f (gloine, pláta, buidéil); suíochán m (cathaoireach). To set sth. bottom upwards, rud a chur bunoscionn; rud a chur béal faoi. To knock the bottom out of an argument, ciolar chiot a dhéanamh d'argóint. The bottom has fallen out of the market, tá an margadh tite as a chéile. Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin. b Bill: To put bottom on a ball, aisbhuille a thabhairt do liathróid. 4 Tóin f, gaota m, leath f deiridh. To kick s.o.'s bottom, an bhróg a thabhairt sa tóin do dhuine. 5 Nau: a Tóin f (loinge). b Long f, soitheach m. In Irish bottoms, i longa Éireannacha. 6 Bottom half (of a box, etc.), leath f íochtarach, íochtar m, Bottom boy of the class, gasúr deiridh an ranga. My bottom dollar, mo phingin dheireanach. S.a. GEAR1 3.
bottom2 . 1 v.tr. a Cuirim tóin i (mbuicéad, etc.); cuirim suíochán i (gcathaoir). b To bottom an argument on sth., argóint a bhunú ar rud. 2 v.i.The boat bottomed, shuigh an bád.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Copper-bottomed pot, corcán coparthónach.
Flat-bottomed boat, bád leathantónach.
False bottom, íochtar bréige (i mbosca).
Flat-bottomed flash, flaigín réthónach.
Nau: (Of ship) Foul bottom, tóin chairtithe, screamhach.
Low, bottom, gear, ísealghiar.
Nau: (Of ship) To graze the bottom, an grinneall a scríobadh; teagmháil le tóin.
From the bottom of my heart, amach ó mo chroí.
Nau: Muddy bottom, grinneall m láibe.
Mch: Bottom plates, plátaí íochtair.
The ship was pounding on the bottom, bhí an long ag bualadh an ghrinnill.
He sank right to the bottom, chuaigh sé díreach go tóin.
Rock-bottom price, an luach is ísle.
(Of ship) To scrape the bottom, scríobadh leis an ngrinneall.
To sift a matter to the bottom, dul go bun an scéil.
Straw-bottomed chair, cathaoir shúgáin.
(Of ship) To strike bottom, abs. to strike, suí; dul go grinneall.
Bottom swage, stampa íochtarach.
From top to bottom, top to toe, ó sháil go rinn; ó bhun go barr.
The very top, bottom, an fíorbharr, an fíoríochtar.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht