Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cling · filing · flint · flong · flying
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh fling »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fling1, s. 1 a Caitheamh m, radadh m, teilgean m; (of horse) speach f. To have a fling at s.o., (i) (of horse) tabhairt faoi dhuine; (ii) (of pers.) sáiteán a thabhairt do dhuine; tabhairt faoi dhuine. b Iarracht f. He had a fling at it, thug sé faoi. 2 Danc: Highland-fling, flaing Albanach. 3 F: Cead m radta. To have one's fling, ceol a bhaint as an saol. Youth will have its fling, ní thagann ciall roimh aois; ní mór cead radta don óige.
fling2, 1 v.tr. a Caithim, radaim, teilgim, scaoilim (cloch)(at s.o., le duine); steallaim (uisce). He flung his money out of the window, lig sé a chuid airgid le gaoth, le sruth. To fling one's arms round s.o.'s neck, barróg a bhreith ar mhuineál ar dhuine. To fling abuse at s.o., achasán a chaitheamh, a radadh, a stealladh, le duine. b The horse flung him, leag, chaith, an capall é. He was flung to the ground, buaileadh de phleist ar an talamh é. 2 v.i. Réabaim, greadaim.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was flinging his arms about, bhí a lámha á gcroitheadh san aer aige.
He flung himself about like a madman, bhí sé á thuairteáil féin timpeall ar nós geilte.
He flung away his money, scaip sé a chuid airgid; speal sé a chuid airgid.
To fling back defiance at s.o., duine a fhreagairt go dúshlánach.
He flung out his arms, leath sé a ghéaga.
F: To fling out at s.o., tabhairt faoi dhuine.
He flung up his hands, chuir sé a lámha san aer.
(Of horse) To fling up its heels, raideadh, stealladh.
(Of horse) Flinging out its heels, ag cur a chosa uaidh.
To fling, throw, mud at s.o., sceith béil a dhéanamh de dhuine; aithis a thabhairt do dhuine.
She flung her arms round his neck, rug sí barróg ar mhuineál air.
To fling aside all restraint, scaoileadh leat féin ar fad.
To fling the gates wide open, na geataí a oscailt amach siar, a chur ar leathadh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht