TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
wit1, s. 1 Éirim f, meabhair f -rach. He has slow wits, tá sé dallintinneach. He has quick wits, tá sé gasta, aibí. To be out of one's wits, to have lost one's wits, bheith as do mheabhair. Collect your wits! beir ar do chiall! cruinnigh do mheabhair! To sharpen s.o.'s wits, faobhar a chur ar an inchinn ag duine. To have, keep, one's wits about one, bheith airdeallach; guaim a choinneáil ort féin. I was at my wit's end, bhí mé i mbarr mo chéille. They had a battle of wits, bhíodar ag sárú ar a chéile i gclisteacht. He set his wits to work to escape, chuaigh sé i gceann staidéir féachaint cén chaoi a n-éalódh sé. 2 Deisbhéalaí f, tráthúlacht f (chainte). Flash of wit, léaspairt f.
wit2, s. (Pers.) Duine m deisbhéalach, tráthúil; nathaire m.
wit3, v.tr.A: Tá a fhios agam; is feasach mé. To wit . . ., is é sin le rá... God wot, tá a fhios ag Dia.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Caustic wit, caint f ghéar, niogóideach.
A delicate wit, intinn chaolchúiseach.
Elephantine wit, greann m spágach.
Flash of wit, léaspairt f (deisbhéalaí).
Gutter-wit, gastacht f na gcúlsráideanna.
Half-witted person, leathdhuine m, leathcheann m.
He makes no pretence to wit, níl sé ag ligean aon deisbhéalaí air féin; níl sé ag glacadh le bheith deisbhéalach.
Quick wit, deisbhéalaí f.
To have a ready wit, bheith deisbhéalach, tráthúil.
Sally (of wit), ciúta m, caint dheisbhéalach.
F: Speech seasoned with wit, óráid dheisbhéalach.
Book sparkling with wit, leabhar ar lasadh le deisbhéalaí.
F: Sparkling wit, deisbhéalaí bheoga, aigeantach, aibí.
Swift of wit, tráthúil, deisbhéalach.
Slow-witted, mallintinneach.
Quick-witted, fhuarintinneach, gasta.