EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
and , conj . Agus , is . 1 a A knife and fork , scian agus forc . b Five and twenty years , cúig bliana fichead . Four and a half ounces , ceithre unsa go leith . Two hundred and two , dhá chéad is a dó . c Carriage and pair , cóiste dhá chapall . They were walking two and two , bhí siad ag siúl ina mbeirteanna . d (After 'without') Gan . He came without books and pens , tháinig sé gan leabhar gan pheann . e (Intensive repetition) For miles and miles , ar feadh na mílte agus na mílte . It is getting better and better , ag bisiú ar fad atá sé . Smaller and smaller , níos lú agus níos lú . 2 (Connecting clauses) a He was singing and dancing , bhí sé ag gabháil ceoil agus ag damhsa . b Go and fetch for it , imigh leat dá iarraidh . Come and see me , tar ag breathnú orm . F : Wait and see , fan go bhfeicfidh tú . Try and help me , féach le cuidiú liom .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A man and a woman , fear agus bean .
Jur : To aid and abet a person , cabhrú agus neartú le duine .
Aiding and abetting , cabhrú m agus neartú m .
Jur : Able in body and mind , slán i gcorp agus in intinn .
To do something turn (and turn) about , sealaíocht f , uainíocht f , a dhéanamh .
To play fair and above-board , imirt go macánta cneasta ; bheith ionraic .
Accommodation for man and beast , iostas (anseo) duit féin agus do do chapall .
Letter and accompanying cheque , litir agus seic ina cuideachta .
F : I am all aches and pains , níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil pian ann .
I deliver this as my act and deed , faoi mo láimh .
On and after the first of the month , ar an gcéad lá den mhí agus uaidh sin amach .
After all (is said and done) , tar éis an tsaoil ; i ndiaidh gach ní .
Again and again, time and again , arís agus arís eile .
Now and again, ever and again , anois is arís ; ó am go ham .
(Then) again, (and) again , agus ina theannta sin .
He has one aim and object in life , níl ar an saol aige ach an t-aon chuspóir amháin .
Alarms and excursions , callán m agus gleo m , fuadar m agus foilsceadh m .
Winter and summer alike , sa gheimhreadh chomh maith leis an samhradh .
Men and women alike , idir fhear is bhean .
When all is said and done , tar éis an tsaoil .
He imagines that he is all and all to the business , sileann sé gurb é féin bun agus barr an ghnó .
F : And all , agus an chuid eile uile .
The alternate action of sun and rain , lorg na gréine agus na báistí ceann i ndiaidh an chinn eile .
Alternations of rain and sun , grian agus báisteach faoi seach .
Prov : Talk of angels and you will hear the flutter of their wings , tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach) .
The boys and girls are kept apart , coinnítear na buachaillí agus na cailíní ó chéile .
The house and its appendages , an teach agus a bhfuil ann, a bhfuil ag gabháil leis .
Read and approved , léadh é agus glacadh leis .
Arts and crafts , ealaín agus ceird .
To have art and part in sth ., bheith páirteach agus ciontach i rud .
As a boy and as a man , ina ghasúr agus ina fhear .
He is unable to work and ashamed to beg , níl innimh oibre ann ná éadan déirce air .
Assault and battery , ionsaí m agus slacairt f .
One, two, three, and away , aon, dó, trí agus imígí!
This is far and away the best , seo an rud is fearr ar gach uile bhealach .
That is far and away better , is fearr sin go mór (ná...) .
(In voting) Ayes and noes , lucht 'bíodh' is lucht ‘ná bíodh' .
Thirty ayes and twenty noes , tríocha leis agus fiche ina aghaidh .
For (ever and) aye , go brách na breithe, go deo na ndeor .
He struck me, and I struck him back , bhuail sé mé, is thugas an t-athbhuille dó .
To Dublin and back , go Baile Átha Cliath agus ar ais .
Backwards and forwards , siar is aniar .
He packed up bag and baggage , bhailigh sé leis , é féin is a raibh aige .
Anat : Mec .E : Ball-(and-socket) joint , alt úll is cuas .
I beat him black and blue , d'fhág mé dath na ndaol air .
He is, she has him, at her beck and call , tá sé ar teaghrán, ar adhastar, aici ; níl le déanamh aici ach croitheadh air .
To give bed and board to s.o ., a bhia agus a leaba a thabhairt do dhuine .
Jur : Separation from bed and board , dealú ó chuibhreann agus ó chaidreamh ; dealú ó aontíos .
There were trees both before and behind , bhí crainn ar tosach agus ar deireadh .
This page and the one before , an leathanach seo agus an ceann roimhe .