keep1, s.1Hist: Daingean m, doinsiún m. 2Coinneáil f, cothú m. To earn one's keep, do chuid a shaothrú. Ten shillings a day and his keep, deich scilling sa lá agus a chothú. He isn't worth his keep, ní fiú a chuid é. 3For keeps, le coinneáil.
keep2,Iv.tr.1(Observe) Comhlíonaim, cuirim le (gealltanas); leanaim (riail) ; seasaim le (conradh); coinním, coimeádaim (aitheanta Dé). He didn't keep the appointment, níor tháinig sé mar a bhí socraithe aige. 2(Celebrate) Ceiliúraim, déanaim (féile); coimeádaim (saoire). To keep Lent, an Carghas a dhéanamh. To keep Christmas in the old style, an Nollaig a cheiliúradh ar an sean-nós. 3(Protect) aCumhdaím (duine ar rud). bSp: To keep (the) goal, an báire a chosaint. 4aAoirím (caoirigh). bBadly kept road, bóthar a bhfuil droch-chaoi air. cCoinním (cuntais). dCothaím (duine). To keep s.o. in clothes, éadach a choinneáil ar dhuine. To keep s.o. in tobacco, tobac a choinneáil le duine. eHe keeps a carriage, school, shop, tá cóiste, scoil, siopa, aige. fTógaim (muca, éin). 5aTo keep order in a crowd, riail a choinneáil ar shlua. To keep silence, fanacht i do thost. bHe keeps a good table, cothaíonn sé go maith é féin. 6(Detain) To keep s.o. in prison, duine a choinneáil i bpríosún. Keep him at home for a few days, coinnigh istigh é go ceann cúpla lá. He kept me for dinner, choinnigh sé le haghaidh mo dhinnéir mé. Don't let me keep you!ná cuirimse moill ort!7(Restrain) To keep the river within its bed, an abhainn a choinneáil isteach. To keep s.o. from sleeping, duine a chur, a choinneáil, ó chodladh. 8(Reserve) To keep sth. for s.o., rud a choinneáil do dhuine. 9Coinním, coimeádaim (earraí in áit). The place where I keep my clothes, an áit a mbíonn mo chuid éadaí agam. 10(Retain) Coimeádaim, coinním (greim, aire, duine). You may keep the book I lent you, féadfaidh tú an leabhar a thug mé ar iasacht duit a choimeád. 11To keep sth. from s.o., rud a cheilt ar dhuine. Keep it to yourself, buail fiacail air; ná lig le d'anáil é. 12He kept his course, lean sé dá chúrsa. To keep the middle of the road, coinneáil i lár an bhóthair. 13To keep one's bed, fanacht ar an leaba; an leaba a choinneáil. To keep the house, fanacht istigh. 14aTo keep one's ground, an fód a sheasamh. To keep the saddle, fanacht sa diallait. bKeep your seat!fan i do shuí!To keep one's figure, an tseangacht a choinneáil. 15aTo keep sth. warm, rud a choinneáil te. bTo keep s.o. waiting, duine a choinneáil ag fanacht. To keep one's eyes fixed on sth., na súile a choinneáil dírithe ar rud. Keep him at it!teann an tine leis!Nau: Keep her so!coinnigh mar sin í!II►keep, v.i.1Fanaim. To keep standing, fanacht i do sheasamh. How are you keeping?cad é an bhail atá ort?To keep quiet, fanacht socair. 2aTo keep at work, leanúint den obair. To keep at it, coinneáil leis. To keep straight on, leanúint ar aghaidh díreach. bHe kept on eating, mhair sé ag ithe leis. 3(Of food, etc.) Seasann. Butter that will keep, im a sheasfas. My revenge will keep, ní fhuaróidh ar m'fhonn díoltais.